Tarlóirí agus lasta-sheoltóirí

Léargas ginearálta

Níl an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach (AE) a thuilleadh. Ón 1 Eanáir 2021, caithfidh ghnóthaí Éireannacha cloí le dualgais custam nuair atá earraí á mbogadh chuig, ó nó tríd an mBreatain Mhór.

Aontaíodh an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an Ríocht Aontaithe agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ar an 1 Eanáir 2021. Tar éis toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

Tabhair do d’aire

Ní bhaineann na róil agus freagrachtaí do tharlóirí agus lasta-sheoltóirí a leagtar amach sa chuid seo ach le hearraí a thrádáil leis an mBreatain Mhór amháin. Ní bhaineann siad le trádáil le Tuaisceart Éireann.

Féadtar tuilleadh eolais ar thrádáil le Tuaisceart Éireann a fháil in Eolas ar an mBreatimeacht do ghnóthaí ag trádáil le Tuaisceart Éireann.

Ar aghaidh: Earraí a iompar isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór