Impleachtaí Custam don trádáil leis an mBreatain Mhór

Níl an Bhreatain Mhór ná Tuaisceart Éireann mar bhaill den Aontas Eorpach (AE) a thuilleadh.

Aontaíodh Comhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an Ríocht Aontaithe agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ar an 01 Eanáir 2021. Tar éis toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, tháinig an Comhaontú i bhfeidhm ar 01 Bealtaine 2021.

Tá feidhm ag na rialacha trádála le tír neamh-AE anois nuair a dhéanann tú trádáil leis an mBreatain Mhór. Ba chóir duit na dearbhuithe cuí custam a chomhlánú le go mbeidh tú in ann earraí a bhogadh chuig, ó nó tríd an mBreatain Mhór.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach Nua do chustaim.