Fíorú um Scaoileadh Coinsíneachta (CRV)

Is éard atá sa tseirbhís CRV ná áis shlán ar líne trína bhféadann oibreoirí fíorú a dhéanamh an bhféadtar earraí a bhaint:

  • ó loca coimeádán
  • ó limistéar idirthurais.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an leathanach ar an tseirbhís fíoraithe um scaoileadh coinsíneachta sa rannán ar na seirbhísí ar líne.