Tuairisciú custam do shoithí agus aerárthaigh

Cé is gá tuairisciú a dhéanamh?

Ní mór do mháistir an tsoithigh nó an píolóta i gceannas ar an aerárthach tuairisciú leictreonach a dhéanamh do na custaim maidir lena dteacht isteach nó fágáil, má tá earraí den chineál seo á n-iompar acu:

Cé na tuairiscí a theastaíonn?

Sonraítear sna hionstraimí reachtúla seo a leanas na tuairiscí a theastaíonn le fáil ó mháistir soithigh nó ón bpíolóta i gceannas ar aerárthach:

Céard atá le déanamh má tá faisnéis den chineál céanna á tuairisciú agat do na Coimisinéirí Ioncaim nó do ghníomhaireachtaí eile rialtais?

Má tá faisnéis den chineál céanna á tuairisciú agat cheana féin do na Coimisinéirí Ioncaim nó do ghníomhaireacht eile rialtais i ndáil le soitheach nó aerárthach, níl ort tuairisc ar leithligh faoin ionstraim sin a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Féadann sé go bhfolaíonn faisnéis den chineál céanna, mar shampla, tuairiscí faoi SafeSeasIreland nó faisnéis faoi Alt 97 don Acht Airgeadais 2010.

Cén chaoi le tuairisc a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim

Féadann custaiméirí ÍMAT teacht ar M’Fhiosruithe trí moChúrsaí.

Féadann custaiméirí gnó teacht ar m’Fhiosruithe trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Tá roinnt custaiméirí ann nach bhfuil in ann teacht ar m’Fhiosruithe trí moChúrsaí ná ROS. Folaíonn siad seo:

  • neamh-chónaitheoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh cánach sa Stát
  • agus
  • gníomhairí atá ag gníomhú thar ceann cliant, ach nach bhfuil Uimhir Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN) acu.

Ba chóir do na custaiméirí seo teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an ríomhphost chun modhanna ailtéarnacha a eagrú chun tuairiscí a thíolacadh.

Molann na Coimisinéirí Ioncaim gan faisnéis phearsanta nó rúnda a sheoladh trí ríomhphost neamhshlán, is é sin gnáth-ríomhphost.

Tuairiscí (lena gcomhlánú agus a thíolacadh trí m’Fhiosruithe)

Is iad seo a leanas na tuairiscí a fhéadfaidh sé gur gá do mháistir soithigh nó píolóta i gceannas ar aerárthach a chomhlánú: