Deimhniú deireadh bliana (P60)

Tabhair do d’aire

Is é 2018 an bhliain deiridh a eiseoidh tú P60 d’fhostaithe.  

Ó 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, tá an P60 díothaithe agus tá Achoimre Sonraí Fostaíochta tagtha ina áit de réir Nua-Aoisiú ÍMAT.

Ó 2019 ar aghaidh, tá an Achoimre Sonraí Fostaíochta ar fáil d’fhostaithe trí moChúrsaí.

Is deimhniú é an P60 ina léirítear pá bliantúil agus asbhaintí bliantúla d’fhostaí. Tá sonraí ann faoi phá iomlán agus na hasbhaintí seo a leanas:

Ba chóir duit é seo a chóipeáil óna dtaifead párolla.

Ní mór duit P60 a thabhairt do gach duine de do chuid fostaithe a bhí fostaithe agat ar an 31 Nollaig. Ba chóir é a eisiúint idir an 1 Eanáir agus an 15 Feabhra.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh d'fhostaí ráiteas den tsuim phá a thuill siad le linn na bliana, seachas an tsuim a íocadh go hiarbhír. Ba chóir é seo a thabhairt ar leithligh.

Féadfaidh sé go raibh fostaí i mbun fostaíochta ar an 31 Nollaig ach gur fhág siad an fhostaíocht an lá sin. Sa chás seo, ba chóir go dtabharfaí Foirm P45 agus Foirm P60 dóibh. Más rud é gur fhág an fostaí roimh an 31 Nollaig, ní chóir dóibh P60 a fháil.

Na figiúirí pá agus cánach don P60 a chomhlánú

Féadfaidh sé gur oibrigh fostaí duit ar feadh breis agus tréimhse amháin le linn na bliana. Sa chás seo, ní mór duit an figiúr pá don tréimhse is déanaí a chur isteach i gCuid (A) 3 den fhoirm.

Sampla

D’oibrigh fostaí ar feadh ceithre thréimhse le linn na bliana leis an bhfostóir céanna:

Tréimhse 1: 1 Eanáir go 15 Feabhra

Tréimhse 2: 21 Aibreán go 10 Meitheamh

Tréimhse 3: 18 Lúnasa go 29 Meán Fómhair

Tréimhse 4: Ón 24 Samhain ar aghaidh chuig an mbliain chánach ina dhiaidh.

Nuair a eisíonn tú P60 ar an 31 Nollaig, níor chóir figiúr pá an fhostaí do thréimhse 4 a chur isteach ach amháin i gCuid (A) 3 den P60.

Níor chóir figiúr cánach an fhostaí don tréimhse sin a chur isteach ach amháin i gCuid (B) 3 den P60. Ba chóir an MSU don tréimhse sin a chur isteach i gCodanna (D) 3 agus (E) 3 den P60.

Nuair atá an bonn carnach i bhfeidhm, ba chóir iomlán an phá agus na cánach ó gach fostaíocht a chur isteach ar an P60 i gCodanna (A) 1 agus (B) 1, faoi seach. Ba chóir MSU do gach fostaíocht a chur isteach i gCodanna (D) 1 agus (E) 1. Is é dáta tosaithe na tréimhse fostaíochta is déanaí a chur isteach ar an P60 mar 'dháta tosaithe na fostaíochta': 24 Samhain.

Tabhair do d’aire: Tá na hiontrálacha pá agus cánach a theastaíonn ar an P60 éagsúil ó na hiontrálacha a theastaíonn ar an P35L.

Féadfaidh sé go raibh fostaí ag obair duit roinnt uaireanta le linn na bliana cánach. Is iad na figiúirí pá agus cánach a chuir isteach ar an P35L ná na figiúirí pá agus cánach le haghaidh gach tréimhse sa bhliain sin tugtha le chéile.