Fostaíocht a thosú nó a fhágáil (P45)

Rannán Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) ar an P45 a chomhlánú

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le fostaíochtaí a scoireadh ar 31 Nollaig 2018 nó roimhe.

Ní iarrtar ort P45 a eisiúint i gcás fostaíochtaí a scoirtear tar éis 31 Nollaig 2018. Le heolas a fháil ar riachtanais reatha, féach ar  Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Rannán (a): Iomlán pá agus cáin asbhainte ón 1 Eanáir go dáta scoir

Pá iomlán

Cuir isteach pá iomlán a fuair d'fhostaí ón 1 Eanáir go dtí an lá ar fhág siad d'fhostaíocht. Baineann na sonraí seo leis an mbliain reatha amháin.

Cáin iomlán asbhainte

Cuir isteach suim iomlán na cánach asbhainte ón 1 Eanáir go dtí an dáta ar fhág siad d'fhostaíocht. Baineann na sonraí seo leis an mbliain reatha amháin.

Rannán (b): Má tosaíodh fostaíocht ó 1 Eanáir i leith

Cuir isteach sonraí asbhainte pá agus cánach don tréimhse fostaíochta seo amháin.

Pá (an fhostaíocht seo)

Níor chóir duit é seo a chomhlánadh ach sa chás gur thosaigh tréimhse deireadh fostaíochta d'fhostaí ón 1 Eanáir. Cuir isteach an phá iomlán a fuair d'fhostaí ón dáta tosaithe go dtí an lá ar fhág sé nó sí d'fhostaíocht.

Cáin asbhainte nó aisíoctha

Cuir isteach an tsuim cánach asbhainte nó aisíoctha do d'fhostaí sa tréimhse deiridh fostaíochta. Níor chóir lúibíní nó comhartha caillteanais a bheith san fhigiúr a chuireann tú isteach.

Má aisíocadh an figiúr cánach i gcuid (b) le d'fhostaí cuir marc 'X' sa bhosca (b).

Rannán (c): Íocaíocht cnapshuime

Féadfaidh sé gur thug tú íocaíocht cnapshuime do d'fhostaí nuair a d'fhág siad d'fhostaíocht. Más amhlaidh, cuir isteach an tsuim incháinithe anseo. Ba chóir an figiúr seo a bheith ináirithe san fhigiúr(figiúirí) pá i gcodanna (a) agus, nó (b) thuas.

Ar aghaidh: Na rannáin um an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) ar an P45 a chomhlánú