Fostaíocht a thosú nó a fhágáil (P45)

Scor nó aistriú fostaí

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le fostaíochtaí a scoireadh ar 31 Nollaig 2018 nó roimhe.

Ní iarrtar ort P45 a eisiúint i gcás fostaíochtaí a scoirtear tar éis 31 Nollaig 2018. Le heolas a fháil ar riachtanais reatha, féach ar  Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Scor fostaí

Ag dul ar scor ar phinsean íoctha ag fostóir

Féadfaidh sé gur uimhir chláraithe amháin a bheadh ag fostóir d'fhostaithe agus do phinsinéirí araon. Más amhlaidh, níor chóir caitheamh le fostaí a théann ar scor ar phinsean ata íoctha ag an bhfostóir mar fhostaí a d'fhág an fhostaíocht. Níor chóir P45 a chomhlánadh sa chás seo.

Ba chóir an pinsean a bheith ináirithe sa taifead Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC). Ba chóir é seo a dhéanamh mar is go mbeadh an phá leanúnach, agus ba chóir leanúint le hasbhaint nó aisíoc cánach ar an ngnáthbhealach. Féach  ar  Treoir ÍMAT maidir le hathrú rang ranníocaíochta freisin.

Féadfaidh sé go rachadh an fostaí ar scor ag aois a bhféadfaidh siad a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RGFCS). Cuirtear tús go hiondúil le hiarratas mar sin trí P45 (Rannán 2, 3 agus 4) a thabhairt d'oifig Leasa Shóisialaí áitiúil an fhostaí.

Sna cúinsí sin ba chóir don fhostóir litir a thabhairt don fhostaí atá ag dul ar scor ag léiriú fíricí na staide. Ba chóir an t-eolas céanna a bheith ináirithe sa litir seo is a chuirfí ar an P45. Ba chóir don fhostaí an litir seo a thabhairt chuig an oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil ansin.

Ag scor ar phinsean íoctha ag fostóir agus a déileáltar leis faoi uimhir chláraithe ar leith nó íoctha ag foras ar leith (ciste iontaobhais nó comhlacht árachas saoil)

Ba chóir P45 a chomhlánadh ar an ngnáthbhealach ar chríochnú fostaíochta. Mar sin féin, is féidir cleachtas cuí a ghlacadh chugat féin trína dtugtar rannán 2, 3 agus 4 den P45 díreach don fhostóir atá ag íoc an phinsin.

Féadfaidh sé go mbeadh an fostaí atá ag dul ar scor i dteideal sochar árachais sóisialta i gcúinsí cosúil leo siúd atá leagtha amach thuas. Más amhlaidh ba chóir don fhostóir litir a thabhairt don fhostaí atá ag dul ar scor ag léiriú fíricí na staide.

Aistriú fostaí

Féadfaidh sé go n-aistreofaí fostaí ó bhrainse amháin go brainse eile. Féadfaidh sé go ndéileálfaí le gach brainse mar phointe oibriúcháin ar leith le huimhir chláraithe uathúil i gcomhair ÍMAT agus ÁSPC. Más amhlaidh ba chóir don fhostóir P45 a chomhlánadh maidir le gach aistriú.