Pinsin agus cáin
Faoiseamh cánach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin
Féadfaidh tú faoiseamh ó Cháin Ioncaim a fháil i gcoinne ioncam ó d’fhostaíocht le haghaidh ranníocaíochtaí (lena n-áirítear Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise (RSBanna) chuig na cineálacha pleananna pinsin seo a leanas:
- Scéimeanna pinsin ceirde
- Cuntais Choigiltis Scoir Pearsanta (cuntais CCSP)
- Conarthaí Blianachta Scoir (conarthaí CBS)
- Pleananna cáilitheacha thar lear.
Tá sé seo faoi réir na dteorainneacha thíos. Tugtar faoiseamh ó Cháin Ioncaim ag do ráta imeallach (an t-ardráta) cánach.
Níl aon fhaoiseamh ón Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) ná ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin fostaí.
Teorainneacha ar fhaoiseamh cánach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin
Tá faoiseamh cánach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin faoi réir dhá phríomhtheorainn:
- teorainn céatadáin tuillimh aoischoibhneasta
- teorainn tuilleamh iomlán.
Teorainn céatadáin tuillimh aoischoibhneasta
Féadtar faoiseamh cánach a fháil suas leis an teorainn céatadáin tuilleamh aoischoibhneasta in aon bhliain amháin.
Féadann go mbeadh níos mó ná foinse ioncaim amháin agat. Má tá, tá an faoiseamh ar fáil díreach le haghaidh na fostaíochta a ndéantar na ranníocaíochtaí ina leith.
Teorainn céatadáin aoischoibhneasta ar fhaoiseamh cánach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin
|
Aois
|
Teorainn céatadáin
|
Faoi 30
|
15%
|
30-39
|
20%
|
40-49
|
25%
|
50-54
|
30%
|
55-59
|
35%
|
60 nó níos sine
|
40%
|
Mar shampla, fostaí 42 bliain d’aois a thuilleann €40,000, féadfaidh sé faoiseamh cánach a fháil ar ranníocaíochtaí bliantúla pinsin suas le €10,000.
Teorainn tuilleamh iomlán
An t-uastuilleamh a chuirtear san áireamh chun faoiseamh cánach a ríomh ná €115,000 in aghaidh na bliana.
Cuntais CCSP
I dtaca le ranníocaíochtaí CCSP fostóra:
- meastar, chun críche faoisimh cánach, gurb é an fostaí a dhéanann iad
- cuirtear le ranníocaíochtaí iarbhír an fhostaí iad le fáil amach an sáraítear na teorainneacha thuas
- caitear leo mar shochar incháinithe fostóra arna fháil ag an bhfostaí.
Ranníocaíochtaí chuig cuntais CCSP chun críocha RSB
Bunaítear faoiseamh cánach le haghaidh Rannaíocaíochtaí RSB chuig cuntais CCSP ar an teorainn chuí céatadáin aoischoibhneasta ar an ioncam ón bhfostaíocht bhainteach. (Arna laghdú ag aon ranníocaíochtaí fostaí chuig an scéim pinsin a bhaineann leis an bhfostaíocht) .
Féadtar ranníocaíocht pinsin aonuaire nó speisialta a dhéanamh tar éis dheireadh na bliana cánach ach roimh an 31 Deireadh Fómhair ina dhiaidh sin. Má dhéanann tú amhlaidh, féadfaidh tú rogha a dhéanamh, ar an 31 Deireadh Fómhair nó roimhe, an faoiseamh cánach do na ranníocaíochtaí a cheadú don bhliain chánach roimhe. Nuair a úsáideann tú Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), tá síneadh ar na spriocdhátaí chun ranníocaíochtaí a íoc agus an rogha seo a dhéanamh.
Pleananna pinsin thar lear (faoiseamh imirceora ballstáit)
Féadfaidh sé go bhfuil tú ag teacht go hÉirinn, nó ag filleadh ar Éirinn. Má tá, féadtar faoiseamh cánach a fháil ar ranníocaíochtaí pinsin a rinneadh i leith pleananna atá ann roimhe le soláthraí pinsin i mBallstát eile de chuid an AE.
Nuair a bhíonn feidhm leis an bhfaoiseamh, caitear leis na ranníocaíochtaí chuig an bplean thar lear ar nós go ndearnadh iad, de réir mar is cuí, chuig:
- scéim pinsin ceirde
- cuntas CCSP
- conradh CBS.
An chaoi leis an bhfaoiseamh cánach a éileamh
Más oibrí ÍMAT thú
Is iondúil go n-asbhaineann d’fhostóir na ranníocaíochtaí go díreach ó do phá, agus go dtabharfaidh siad an faoiseamh cánach atá dlite duit. Mura n-asbhaineann d’fhostóir na ranníocaíochtaí, úsáid moChúrsaí chun tuairisceán cánach ioncaim a chomhlánú agus a thíolacadh.
Má tá tú féinfhostaithe
Sínigh isteach ar ROS chun faoiseamh cánach a éileamh.
Le tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le faoiseamh cánach a éileamh i do Thuairisceáin Cánach Ioncaim (Foirm 11), féach an chabhair le faoiseamh cánach a éileamh i leith ranníocaíochtaí pinsin.
Ar aghaidh: Cáin ar phinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí