Íocaíochtaí CervicalCheck

Teorainn ama ar éilimh aisíocaíochta

Tá teorainneacha ama socraithe i bhfeidhm chun aisíocaíocht cánach a éileamh. Cuireadh síneadh leis na teorainneacha ama seo do mhná ábhartha.

Cáin Ioncaim agus Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Tá íocaíochtaí ábhartha a dhéantar le haon bhean ábhartha ó 2008 i leith díolmhaithe ó na nithe seo a leanas:

Is amhlaidh an cás toisc gurb í 2008 an bhliain ar cuireadh tús leis an gclár scagthástála náisiúnta CervicalCheck. Is féidir le daoine aonair ar bronnadh íocaíocht ábhartha orthu éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht maidir le haon Cháin Ioncaim nó CGC a íocadh ar na híocaíochtaí sin ó 2008 i leith.

Is é an 31 Nollaig an spriocdháta chun aisíocaíocht chánach a fháil do na blianta 2008 go 2020 Tá feidhm leis an teorainn ama ceithre bliana ón mbliain chánach 2021 ar aghaidh.

Spriocdhátaí chun éileamh a dhéanamh do gach bliain chánach ar Cháin Ioncaim agus CGC

Blianta Cánach

2008 go 2020

2021

2022

2023

2024

Spriocdháta chun Éileamh a Dhéanamh

31 Nollaig 2025

31 Nollaig 2025

31 Nollaig 2026

31 Nollaig 2027

31 Nollaig 2028

Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC)

Baineann na díolúintí le haghaidh CFC  le haon íocaíocht ábhartha a fhaightear faoin Scéim neamhnochta ex-gratia CervicalCheck ó 2019 i leith. Is mar seo atá toisc gurb í 2019 an bhliain a cheadaigh an Rialtas téarmaí na Scéime seo. Is féidir le daoine aonair ar bronnadh íocaíocht ábhartha orthu aisíocaíocht aon CFC a íocadh ar na híocaíochtaí sin a éileamh.

Is é an 31 Nollaig an spriocdháta chun aisíocaíocht chánach a fháil do na blianta 2019 go 2020. Tá feidhm leis an teorainn ama ceithre bliana ón mbliain chánach 2021 ar aghaidh.

Spriocdhátaí chun éileamh a dhéanamh le haghaidh gach bliain chánach i leith CFC

Blianta Cánach

2019/2020

2021

2022

2023

2024

Spriocdháta chun Éileamh a Dhéanamh

31 Nollaig 2025

31 Nollaig 2025

31 Nollaig 2026

31 Nollaig 2027

31 Nollaig 2028

Chun tuilleadh eolais a fháil ar íocaíochtaí ábhartha agus ar an sainmhíniú ar bhean ábhartha, féach Tax and Duty Manual Part 07-01-23B.

Ar aghaidh: Conas teagmháil a dhéanamh leis an SCU agus tacaíocht a fháil