Scéim Aisíocaíochta COVID-19 d'Fhostóirí

Ar an 15 Márta 2020, d’fhógair an Rialtas go bhfeidhmeofaí bearta eisceachtúla, arna riar tríd an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RGFCS), chun ligean d’oibrithe a ligtear chun bealaigh go sealadach mar gheall ar phaindéim an choróinvíris COVID-19, íocaíocht speisialta tacaíochta €203 sa tseachtain a éileamh.

D’oibrigh na Coimisinéirí Ioncaim go dlúth leis an RGFCS chun rogha a chur ar fáil d’fhostóirí chun an íocaíocht seo a dhéanamh lena bhfostaithe tríd an ngnáthphróiseas párolla. Níl na suimeanna a íoctar le fostaithe faoin scéim seo faoi réir cánach, MSU ná ÁSPC ag tráth na híocaíochta. Beidh na híocaíochtaí seo faoi réir cáin ioncaim nuair a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar shuíomh cánach na bhfostaithe ag deireadh 2020.

Moltar d’fhostóirí an scéim seo a oibriú chun é a éascú d’fhostaithe. Is éard a aistreoidh na Coimisinéirí Ioncaim isteach i gcuntas bainc an fhostóra ná na suimeanna atá le híoc le fostaithe agus a chuirtear in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim. Is ar bhonn ‘an chéad lá eile’, go hiondúil, a dhéanfar an aisíocaíocht seo. Cinnteoidh sé próiseas mear íocaíochta d’fhostaithe agus íoslaghdóidh sé an cruatan ar fhostaithe a ligtear chun bealaigh go sealadach. Maidir le haisíocaíochtaí cánach ioncaim nó MSU a d’fhéadfadh fostaí a bheith i dteideal a fháil mar gheall ar bheith ligthe chun bealaigh, is é an fostóir a dhéanfaidh é sin a riar agus aisíocfar (leis an bhfostóir) tríd an scéim é.

Féadtar an scéim a oibriú do gach fostaí a ndearna an fostóir tíolacadh párolla ina leith sa tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 15 Márta 2020. Sa chás gur ligeadh fostaithe chun bealaigh agus go bhfuil a bhfostaíocht scortha ag a bhfostóir cheana féin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh go díreach leis an RGFCS chun an íocaíocht a fháil.

Cé leis a mbaineann an scéim?

  • Fostóirí a bhfuil baill foirne ligthe chun bealaigh go sealadach acu mar thoradh ar thionchar phaindéim an choróinvíris COVID-19 ar a ngnó
  • Fostóirí a gcoinníonn a mbaill foirne ar an bpárolla agus nár scoir na fostaithe ó thaobh na gCoimisinéirí Ioncaim de
  • Fostaithe a ndearna an fostóir tíolacadh párolla ina leith sa tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 15 Márta 2020
  • Fostóirí nach bhfuil in ann íocaíochtaí breisithe a dhéanamh atá os cionn na híocaíochta éigeandála €203 sa tseachtain.

Iarratas a dhéanamh ar an Scéim Aisíocaíochta

Is ar an gcaoi seo a leanas a dhéanfaidh fostóirí, nó a ngníomhairí, iarratas leis na Coimisinéirí Ioncaim chun an scéim a oibriú:

  • Logáil isteach ar M’Fhiosruithe ar ROS agus roghnaigh an chatagóir ‘Scéim Aisíocaíochta COVID-19 d’Fhostóirí’.
  • Léigh an dearbhú agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Tíolaic’.
  • Logáil isteach ar ROS agus faoi ‘Bainistigh cuntais bhainc’, ‘Bainistigh ríomhaistriú airgid’, cinntigh go bhfuil na sonraí cuntais bainc atá curtha ar fáil i gceart.

Na príomhghnéithe den scéim

Déanfaidh an fostóir an tíolacadh párolla chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta pá nó roimhe sin.

Ba chóir d’fhostóirí teagmháil a dhéanamh lena soláthraithe bogearraí párolla chun cúnamh a fháil i ndáil leis an bpárolla atá le próiseáil faoin scéim seo. 

Rithfidh an fostóir an párolla mar is gnáth, agus cuirfidh na sonraí seo a leanas isteach i leith gach fostaí ábhartha:

  • Aicme ÁSPC socraithe mar J9
  • Suim phá de €0.01 (ní mór pá éigin a chur isteach chun go rithfí an párolla)
  • Suim neamh-inasbhainte de €203. Ní dhéanfaidh an fostóir aon suimeanna eile a íoc leis an bhfostaí agus tabharfaidh an €203 do gach fostaí a ligtear chun bealaigh go sealadach
  • Ní mór minicíocht an phá agus uimhir na tréimhse a chur isteach sa tíolacadh párolla.

Ní dhéanfaidh an fostóir aon íocaíochtaí eile leis an bhfostaí i leith na seachtainí ábhartha agus tabharfar an €203 sa tseachtain do gach fostaí a ligtear chun bealaigh go sealadach.

 

Ní asbhaintear Cáin Ioncaim, MSU ná ÁSPC ón bhfóirdheontas €203 ag tráth na híocaíochta.

Maidir le haon aisíocaíochtaí Cánach Ioncaim agus MSU a thagann aníos mar thoradh ar chreidmheasanna cánach agus bandaí ráta a chur i bhfeidhm, féadann an fostóir iad a aisíoc agus aisíocfar an tsuim seo leis an bhfostóir chomh maith.

Ní mór don fhostaí a dheimhniú don fhostóir nach ndearna agus nach ndéanfaidh sé nó sí éileamh ar íocaíocht ón RGFCS tráth atá an íocaíocht seo á déanamh ag an bhfostóir tríd an bpárolla.

Iarrfar ar fhostóirí a mholadh d’fhostaithe Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh ar an tairseach ar líne MyWelfare.ie (ionas go bhféadann na fostaithe teacht ar íocaíochtaí cáilithe do chleithiúnaithe más cuí).

Bunaithe ar an eolas a chuirtear ar fáil i dtíolacthaí párolla, tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim creidmheas €203 i leith gach fostaí gach seachtain, isteach sa chuntas bainc atá ar an taifead le haghaidh fostóirí in ROS.  Beidh an tagairt COVID Employer Refund luaite leis an gcreidmheas. (Is iad na príomhshonraí ná Uimhir an Fhostóra, Pá Comhlán de €0.01, Aicme ÁSPC J9, Minicíocht an Phá, UPSP an Fhostaí, agus an tAitheantas Fostaíochta).

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim na suimeanna chun sochair cuntais bainc an fhostóra i leith tíolacthaí párolla a fhaightear roimh 2:00pm gach lá.  Ag brath ar an mbanc atá i gceist, ba chóir go bhfaigheadh an fostóir an aisíocaíocht ar an gcéad lá eile baincéireachta.

Má leanann na fostaithe ar aghaidh le fostaíocht leis an bhfostóir, nó má fhaigheann siad tacaíochtaí eile ón RGFCS, nó má fhaigheann fostaíocht in áit eile, ní chuirfidh an fostóir na fostaithe i gceist san áireamh i dtíolacthaí amach anseo.

Treoir/Eolas

I gcás ceisteanna ginearálta maidir leis an Scéim, ba chóir d’fhostóirí teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach Náisiúnta na gCoimisinéirí Ioncaim d’Fhostóirí tríd an gcóras M’Fhiosruithe agus sonraí a chur ar fáil faoin bhfiosrú mar aon le huimhir dhíreach theagmhála.

Ba chóir d’Fhostóirí a chinntiú go roghnaíonn siad ‘ÍMAT Fostóra’ agus ansin ‘Fiosrú Ginearálta ÍMAT Fostóra’ nuair a chuireann siad an fiosrú isteach trí M’Fhiosruithe.

Ar ais chuig an bpríomh leathanach le haghaidh Eolas agus comhairle faoi COVID-19 do cháiníocóirí agus do ghníomhairí.