Seachtain na Gaeilge 2020 – 1 go 17 Márta

Tacaíonn na Coimisinéirí Ioncaim go hiomlán le Seachtain na Gaeilge.

Rinne muid ár suíomh idirlín a uasghrádú le gairid agus tá muid sásta anois go bhfuil suíomh idirlín dátheangach againn atá lánfheidhmiúil.

Cuireann muid réimse leathan seirbhísí ar fáil dár gcustaiméirí ar mian leo dul i dteagmháil linn trí mheán na Gaeilge.

Cé go leagann Seachtain na Gaeilge béim ar úsáid na Gaeilge gach bliain le haghaidh tréimhse choicíse, cuireann na Coimisinéirí Ioncaim an Ghaeilge chun cinn sa láthair oibre gach lá. Tá aonad Gaeilge faoi leith againn sna Coimisinéirí Ioncaim, Rannóg na Gaeilge, a oibríonn as oifig na Gaillimhe.