Sonraí an chonartha i leith na Dreasachta Athchóirithe Tí (DAT) a thíolacadh – conraitheoirí
Leis an tseirbhís Ionchuir Oibreacha agus Íocaíochtaí, féadann conraitheoirí cáilitheacha sonraí a thaifeadadh maidir le hoibreacha a críochnaíodh ar mhaoine a ndéanfar éilimh DAT ina leith.
Cé dó an tseirbhís seo?
Tá an tseirbhís seo ann do chonraitheoirí cáilitheacha ar gá dóibh:
- sonraí a ionchur maidir le hoibreacha atá le cur i gcrích le haghaidh úinéirí tí
- sonraí a ionchur maidir le híocaíochtaí a fhaightear ó úinéirí tí le haghaidh na n-oibreacha seo.
Ní mór do chonraitheoir cáilitheach a bheith cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) agus a bheith comhlíontach ó thaobh na Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI).
An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid
Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:
- uimhir aitheantais na maoine
- seoladh na maoine
- ainm an éilitheora
- cur síos ar na hoibreacha
- dátaí tosaigh agus deiridh
- luach na n-oibreacha
- uimhir aitheantais na n-oibreacha
- sonraí íocaíochta.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Is gá duit a bheith cláraithe le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun teacht ar an tseirbhís. Nuair a bheidh tú cláraithe:
- sínigh isteach ar ROS
- faoin rannán ‘Seirbhísí Eile’, téigh chuig an gcluaisín ‘Dreasacht Athchóirithe Tí (Conraitheoir)’
- cliceáil ar an rannán ‘Oibreacha’ le breathnú ar shonraí na n-oibreacha a críochnaíodh agus chun oibreacha nua a thaifeadadh.
Tabhair do d’aire
Ní bheidh an cluaisín don Dreasacht Athchóirithe Tí le feiceáil ach amháin más custaiméir cláraithe le haghaidh CBL nó CCI thú.