Iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh imréiteach cánach ag baint úsáid as an gcóras ríomh-Imréitigh Cánach (eTC)

Leis an tseirbhís ríomh-Imréitigh Cánach, féadtar iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ar líne. Is deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim é Deimhniú Imréitigh Cánach go bhfuil do chúrsaí cánach in ord ar an dáta eisiúna.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Sula gcuirtear isteach ar imréiteach cánach, is gá duit a chinntiú go bhfuil do chuid cúrsaí cánach cothrom le dáta. Ní mór cúrsaí cánach gach duine atá bainteach leat a bheith in ord chomh maith. Chun d’iarratas a chomhlánú, is gá Uimhir Tagartha Cánach nó aitheantas maoine a bheith agat maidir le do pháirtithe ceangailte bainteacha.

Tiománaithe agus fostóirí d’Fheithicil Bheag Seirbhíse Poiblí (SPSV):

Ba chóir do thiománaithe SPSV atá féin fhostaithe an méid seo a leanas a roghnú:

  • ‘Ceadúnas’ ar chúis leis an iarratas
  • ‘Sealbhóir Ceadúnais Feithicle Bige Seirbhíse Poiblí (SPSV (Féinfhostaithe/Cuideachta) mar chineál an cheadúnais.

Ba chóir do thiománaithe SPSV ar fostaithe iad an méid seo a leanas a roghnú:

  • roghnaigh ‘Sealbhóir ceadúnais tiomána Feithicle Bige Seirbhíse Poiblí (SPSV) (Fostaí)’ mar chúis leis an iarratas
  • Uimhir Tagartha Cánach a bhfostóirí a chur ar fáil.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís ríomh-Imréitigh Cánach

Má tá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí, cliceáil ar ‘Imréiteach Cánach’ ar an gcárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’.

Má tá tú cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), féadtar teacht ar an tseirbhís seo ach ceachtar den mhéid seo a chliceáil:

  • ar an leathanach baile ROS, oscail an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’, agus sa rannán ‘Seirbhísí Eile’ cliceáil ar ‘Bainistigh Imréiteach Cánach’
  • do stádas imréitigh cánach reatha atá léirithe ar bharr ar dheis den scáileán baile ROS.

Cén chuma atá ar an aschur leictreonach

Ní phriontálann na Coimisinéirí Ioncaim deimhnithe imréitigh cánach. Féadtar na torthaí scáileáin a phriontáil má tá cóip pháipéir uait den:

  • deimhniú imréitigh cánach leictreonach
  • cúiseanna diúltaithe.

Féadtar chomh maith na torthaí a phriontáil ar ball ag úsáid an rogha Féach, Priontáil, Sábháil in ‘Bainistigh Imréiteach Cánach’.

Íomha de scáileán do thoradh an iarratais le haghaidh imréitigh cánach nuair atá deimhniú eisithe

ríomh-Dheimhniú Imréitigh Cánach

Mura bhfuil do chúrsaí chánach ceart, tabharfar na cúiseanna duit mar gheall ar an fáth ar diúltaíodh d’iarratas. Chun deimhniú imréitigh cánach a fháil, ní mór duit do chúrsaí cánach a chur ina gceart trí aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí amuigh.

Is gá duit a chinntiú chomh maith go dtugtar aghaidh ar aon deacrachtaí amuigh i gcúrsaí cánach aon duine de pháirtithe ceangailte. Tar éis aghaidh a thabhairt ar aon deacrachtaí amuigh, is gá iarratas nua a thíolacadh ar ríomh-Dheimhniú Imréitigh Cánach.

Íomha de scáileán do thoradh an iarratais le haghaidh imréitigh cánach nuair nach eisithe deimhniú

Cén chaoi a gcruthaím go bhfuil Deimhniú Imréitigh Cánach agam?

Nuair a eisíonn muid do Dheimhniú Imréitigh Cánach, tabharfaidh muid Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach (TCAN) duit. Féadtar do TCAN agus d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó d’Uimhir Tagartha Cánach, a thabhairt do dhuine ar bith ar gá dóibh do Dheimhniú Imréitigh Cánach a fhíorú.

Féadtar an scáileán toraidh a phriontáil leis an gcnaipe ‘Priontáil’ ar an scáileán. Seoltar an toradh seo chomh maith chuig do bhosca isteach ROS nó M’Fhiosruithe. Féadtar an deimhniú a fheiceáil, a phriontáil agus a shábháil ach cliceáil ar ‘Bainistigh Imréiteach Cánach’ ó na seirbhísí in ROS nó moChúrsaí.