Bealaí chun íocaíocht a dhéanamh ar líne

Tá roinnt modhanna ar líne ar fáil duit chun íocaíocht a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim. Glacann muid le:

  • Treoir Dochair Dhírigh ROS (RDI). Má tá tú cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), féadtar  Treoir Dochair ROS a bhunú. Ní gá duit é seo a dhéanamh ach an t-aon uair amháin agus ligfidh sé duit íocaíocht a dhéanamh láithreach. Déanfaidh tusa suim na híocaíochta a chinneadh agus an uair a dhéantar an íocaíocht.
  • Treoir Dochair Aonair (SDI). Féadtar SDI a bhunú le ROS nó le moChúrsaí. Ligeann sé seo duit íocaíochtaí aonuaire a dhéanamh go díreach ó do chuntas bainc. Cinntigh roimh ré go bhfuil do chuntas in ann glacadh le dochar díreach.
  • Treoir Dochair Dhírigh (DDI). Ní mór DDI a shocrú ar ROS. Féadtar roghnú íocaíochtaí míosúla a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cánacha reatha.
  • Cárta creidmheasa agus dochair. Ní fhéadtar íocaíochtaí cárta creidmheasa agus dochair a dhéanamh ach amháin leis na soláthraithe cártaí VISA agus MasterCard. Seasann na Coimisinéirí Ioncaim an muirear seo nuair a úsáideann tú na cártaí seo. Féadtar íocaíocht a dhéanamh ar an gcaoi seo le ROS nó moChúrsaí. 

Cé na cineálacha íocaíochtaí a fhéadtar a dhéanamh ar líne?

Féadann tú ár modhanna íocaíochta ar líne a úsáid chun íocaíocht a dhéanamh le haghaidh:

  • cáin
  • ús
  • pionós
  • astú
  • iniúchadh
  • Nochtadh Ioncaim agus Sócmhainní Eachtracha.

Cinntigh go bhfuil tú cláraithe le haghaidh an chineáil cánach is mian leat a íoc.

Féach Íocaíochtaí cánach ar líne le haghaidh tuilleadh eolais ar na cánach a fhéadtar a íoc ar líne.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • clárú le ROS, moChúrsaí nó CMÁ ar líne
  • do rogha modha íocaíochta ar líne
  • sonraí an chineáil cánach
  • suim na híocaíochta is mian leat a dhéanamh.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí moChúrsaí ach an cárta ‘Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí’ a aimsiú agus cliceáil ar ‘Déan Íocaíocht’.  

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Ón bpríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  • Sa rannán ‘Íocaíochtaí agus Aisíocaíochtaí’, cliceáil ar an gcineál íocaíochta ar mian leat íocaíocht a dhéanamh ina leith.
  • Roghnaigh an cineál cánach a bhaineann leis an gcineál íocaíochta a roghnaigh tú.
  • Cliceáil ar ‘Déan Íocaíocht’.
  • Cliceáil ar ‘Íoc’ don tréimhse chánach ar mian leat íocaíocht a dhéanamh ina leith.

ButtonLink

Féadtar teacht ar an tseirbhís tríd an gcóras CMÁ Ar Líne, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cuir isteach d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), UA Maoine agus UAP Maoine agus cliceáil ar ‘Logáil isteach’.
  • Cliceáil ar ‘Socraigh Modh Íocaíochta’.
  • Má tá breis agus tréimhse amháin amuigh, tabharfar an rogha duit íoc as tréimhse amháin nó tréimhsí iomadúla.
  • Cuir isteach na sonraí uile íocaíochta agus cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’.
  • Déan athbhreithniú ar na sonraí atá le tíolacadh agus cliceáil ar ‘Tíolaic Sonraí’.