Déan íocaíocht le haghaidh riaráistí Muirir Teaghlaigh
Leis an tseirbhís ar líne don Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ), féadtar do CMÁ nó riaráistí Muirir Teaghlaigh (MT) a íoc.
Cé dó atá an tseirbhís don Cháin Maoine Áitiúil?
Tá an tseirbhís seo oiriúnach sna cásanna seo:
- má tá maoin chónaithe agat in Éirinn agus má tá MT dlite le híoc agat i leith na maoine sin
- más gníomhaire nó duine aonair thú atá ag gníomhú thar ceann an úinéara a bhfuil MT dlite le híoc acu i leith maoine.
An t-eolas a theastaíonn chun íocaíocht a dhéanamh le haghaidh riaráistí Muirir Teaghlaigh
Chun an tseirbhís seo a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó Uimhir Tagartha Cánach an duine a bhfuil an MT dlite le híoc acu
- aitheantas uathúil na maoine
- an UAP slán[1].
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís don Cháin Maoine Áitiúil
Féadtar teacht ar an tseirbhís tríd an gcóras CMÁ ar líne, ach na céimeanna seo a leanúint:
- Cuir isteach d’uimhir PSP, UA Maoine agus UAP Maoine agus cliceáil ar ‘Logáil isteach’.
- Ar an leathanach baile, roghnaigh ‘Athbhreithniú Blianta 2012/2021’ ón roghchlár anuas agus ansin roghnaigh ‘Riaráistí Muiri Teaghlaigh´ ón roghchlár ´Déan athbhreithniú ar bhliain eile’.
- Cliceáil ar ‘Socraigh Modh Íocaíochta’.
- Cuir isteach na sonraí uile íocaíochta agus cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’.
- Déan athbhreithniú ar na sonraí atá le tíolacadh agus cliceáil ar ‘Tíolaic Sonraí’.
Féadtar teacht ar an tseirbhís CMÁ trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:
- Ar an gcárta ‘Seirbhísí Maoine’, cliceáil ar ‘Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)’.
- Ar an leathanach baile, roghnaigh tú ‘Athbhreithniú blianta 2012/2021’, ansin roghnaigh ´Riaráistí Muirir Teaghlaigh´ ón roghchlár anuas ‘Déan athbhreithniú ar bhliain eile’.
- Cliceáil ar ‘Socraigh Modh Íocaíochta’.
- Cuir isteach na sonraí uile íocaíochta agus cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’.
- Déan athbhreithniú ar na sonraí atá le tíolacadh agus cliceáil ar ‘Tíolaic Sonraí’.
Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:
- Faoin gcárta ‘Cáin Maoine Áitiúil’, cliceáil ar an gcnaipe ‘Féach Liosta na Maoin’.
- Cliceáil ar ‘UA Maoine’.
- Ar an leathanach baile, cinntigh gur roghnaigh tú ‘riaráistí Muirir Teaghlaigh’ ón roghchlár anuas ‘Déan athbhreithniú ar do Thaifid’.