Teacht ar do Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ)

Leis an tseirbhís ar líne CMÁ, féadtar do dhliteanas CMÁ a thíolacadh agus a íoc ar líne. Leis seo chomh maith féadtar aon riaráistí Muirir Teaghlaigh a bhainistiú.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo oiriúnach duit má tá tú:

  • i d’úinéir ar mhaoin chónaithe in Éirinn
  • i do ghníomhaire nó duine aonair ag gníomhú thar ceann úinéir maoine in Éirinn.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís seo a úsáid

Chun an tseirbhís seo a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó Uimhir Tagartha Cánach an duine a bhfuil an CMÁ nó an MT dlite le híoc acu
  • aitheantas uathúil na maoine
  • an UAP slán[1].

Cén chaoi le Aitheantas Maoine agus UAP a iarraidh le haghaidh maoin atá ann cheana féin  

Féadtar teacht ar an tseirbhís tríd an gcóras CMÁ ar líne, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cuir isteach UPSP nó uimhir tagartha cánach an duine dhliteanaigh.
  • Sa rannán ‘Iarr UA Maoine agus UAP’ cliceáil ar an gcnaipe ‘cliceáil anseo’.
  • Cuir isteach an CAPTCHA ar an gcéad scáileán eile agus cliceáil ar “Cuir isteach”.

Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ansin an tAitheantas Maoine agus an UAP chuig úinéir na maoine. Is gá na huimhreacha seo a úsáid leis an UPSP nó an Uimhir Tagartha Cánach chun teacht ar an tseirbhís CMÁ ar líne. 

[1] Beidh an tAitheantas Maoine agus an UAP seolta chuig seoladh an duine faoi dhliteanas an CMÁ i leith na maoine.