Cláraigh le haghaidh an Mhionionaid Uileghnó CBL (CBL MOSS)

Leis an tseirbhís clárúcháin CBL MOSS ar líne, féadann gnóthais clárú le haghaidh CBL MOSS ar líne.

Féadann gnóthais AE a sonraí clárúcháin a chur isteach faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ina gcuntas Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Féadann gnóthais neamh-AE cur isteach ar an scéim neamh-Aontais leis an bhfoirm iarratais ar líne seo.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí teileachumarsáide, craolacháin nó ríomhsheirbhísí (TBE) do dhaoine neamh-incháinithe i mBallstáit AE nach bhfuil siad bunaithe iontu. 

Tá dhá scéim sa scéim CBL MOSS:

  • Is do dhaoine incháinithe a bhfuil bunaíocht laistigh den Aontas Eorpach (AE) acu scéim an Aontais, ach go bhfuil siad ag déanamh soláthairtí go Ballstáit nach bhfuil bunaíocht acu iontu.
  • Is do dhaoine incháinithe nach bhfuil bunaíocht laistigh den AE acu an scéim neamh-Aontais.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • ainm an chuideachta
  • seoladh
  • URL an tsuímh idirlín
  • ainm cuntais bainc
  • tír bunúis an chuntais bainc
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN)
  • Cód Aitheantais Bainc (BIC)
  • ainm
  • suíomh an chomhlachta
  • uimhir theileafóin
  • seoladh ríomhphoist
  • eolas teagmhála tánaisteach
  • Uimhir Tagartha Cánach.[1]

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ón bpríomh-roghchlár ROS.
  • Ón rannán ‘Seirbhísí Eile’, roghnaigh ‘CBL MOSS’.  

[1] Má tá tú cláraithe le haghaidh seirbhísí CBL MOSS in aon Bhallstát AE.