An chaoi le Tuairiscí ar Idirbhearta Amhrasacha (Tuairiscí TIA) a thíolacadh

Cé dó an tseirbhís seo

Ar an 7 Meán Fómhair 2020, thug na Coimisinéirí Ioncaim athruithe isteach ar an gcaoi a dtíolactar Tuairiscí ar Idirbhearta Amhrasacha (tuairiscí TIA). Iarrtar ar Eintitis Tuairiscithe agus Oifigigh um Thuairisciú Sciúrtha Airgid (Oifigigh OTSA) [1] gach TIA a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim amháin (ROS). Ní ghlacann na Coimisinéirí Ioncaim le cóip chrua (páipéar) de thuairiscí TIA ón dáta sin ar aghaidh.

Ba chóir d’Eintitis Tuairiscithe leanúint orthu de thuairiscí TIA a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim agus d’Aonad Faisnéise Airgeadais (FIU), toisc go bhfuil dé-thuairisciú fós ina riachtanas.

Feabhsuithe nua do sheirbhísí ar líne chun Idirbhearta Amhrasacha a Thuairisciú

Leis na seirbhísí feabhsaithe ar líne, tá Eintitis Tuairiscithe in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Comhlánaigh agus tíolaic foirm ar líne ag déanamh cur síos ar ghníomhaíochtaí amhrasacha. Féadtar an comhad seo a shábháil agus a uaslódáil ar córas GoAML Aonad Faisnéise Airgeadais (FIU) ag tráth níos déanaí.
  • Uaslódáil tuairisceáin TIA amháin nó níos mó i bhformáid XML. Féadtar an fhoirm a chomhlánú ar dtús i gcóras GoAML FIU agus an XML ginte a íoslódáil le huaslódáil do na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Sábháil na ceangaltáin.
  • Faigh admhálacha ar líne i leith tuairiscí TIA a tíolacadh.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, tá an méid seo ag teastáil:

  • Do shonraí logála isteach le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), chomh maith le deimhniú digiteach bailí le haghaidh ROS.
  • Clárú ar ROS le haghaidh dualgais tuairiscithe TIA.  Teastaíonn Aitheantas Eagraíochta FIU, atá ar fáil ar shuíomh idirlíon GoAML chun clárú le haghaidh TIA.
  • Deimhniú fo-úsáideora ROS do gach Oifigeach um Thuairisciú Sciúrtha Airgid le haghaidh tuairisciú TIA. Féadtar é seo a dhéanamh sa chluaisín Riarachán Seirbhísí ar ROS.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Ní mór go mbeadh Eintitis Tuairiscithe cláraithe le haghaidh ROS agus deimhniú digiteach acu.

Maidir le Comhlachtaí Ainmnithe Díolmhaithe ó Cháin nach bhfuil orthu ach clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim lena ndualgais tuairiscithe TIA a chomhlíonadh, féadtar clárú do Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) anseo.

Féadtar clárú le haghaidh Tuairisciú TIA ag leanúint na céimeanna seo a leanas:

  • Cliceáil ar ‘Bainistigh Oibleagáidí Tuairiscithe’ ar an scáileán ‘Mo Sheirbhísí Is Mó Úsáid’.
  • Cliceáil ar ‘Cláraigh’ le haghaidh Tuairisciú TIA.
  • Cuir isteach dáta clárúcháin agus an uimhir FIU (féach thuas). Athróidh an stádas tuairiscithe TIA go dtí ‘Iarratas Déanta’.
  • Comhlánaigh an próiseas ‘Sínigh agus Tíolaic’. Féadfaidh sé go dtógfaidh sé dhá nó trí lá chun é seo a léiriú ar ROS.
  • Cruthaigh Deimhniú fo-úsáideora ROS do gach Oifigeach um Thuairisciú Sciúrtha Airgid le haghaidh tuairisciú TIA. Féadtar é seo a dhéanamh sa chluaisín Riarachán Seirbhísí.

Nuair a bheidh an próiseas ríomh-chlárúcháin críochnaithe agat go rathúil, beidh tú in ann TIA a thíolacadh ar líne trí ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ach ‘Comhlánaigh Foirm Ar Líne’ a roghnú.

Le haghaidh tuilleadh treorach féach ar an Quick guide to submitting STRs online.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go bhfuil an riachtanas maidir le dé-thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim agus d’Aonad Faisnéise Airgeadais (FIU) fós ann. Dá bhrí sin, ní mór gach comhad TIA a shábháil ionas go bhféadtar iad a uaslódáil ar an gcóras GoAML de chuid an Aonaid Faisnéise Airgeadais.

Teagmhálaithe

Má tá aon cheist agat i leith TIA a thíolacadh, cuir ríomhphost chuig: Suspicious_Transactions_Unit@revenue.ie.

1 Mar atá sainithe in Alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta), 2010.