Fógra a thabhairt maidir le híocaíocht Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI)

Leis an tseirbhís íocaíochta CCI, féadann príomhchonraitheoirí fógra a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le híocaíochtaí comhlána atá le déanamh le fochonraitheoirí. Freagróidh muid trí údarú a thabhairt duit asbhaintí cánach, más ann dóibh, a dhéanamh ón íocaíocht.

Leis an tseirbhís seo, féadtar fógraí íocaíochta aonair nó iomadúla a thabhairt.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís íocaíochta CCI ann le haghaidh príomhchonraitheoirí sna hearnálacha tógála, foraoiseachta agus próiseála feola. Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun úsáid a bhaint as an tseirbhís.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • suim chomhlán na híocaíochta
  • an dáta a rinneadh an íocaíocht[1]
  • an ráta a gearradh
  • an chúis leis an bhfógra iar-íocaíochta.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Sínigh isteach ar ROS. Ón leathanach baile réamhshocraithe 'Mo Sheirbhísí Féin':

  • Sa rannán ‘Seirbhísí Eile’, roghnaigh ‘Bainistigh Cáin Conarthaí Iomchuí’.
  • Roghnaigh ‘Cuir Fógra um Íocaíocht isteach’.
  • Má tá fógra um iar iocaíocht á dhéanamh agat, cuir tic leis an seicbhosca ag íochtar an scáileáin. 

[1] Más i leith íocaíochta a rinneadh cheana féin atá an fógra.