Seirbhís ordaithe foirmeacha

An bealach is tapúla, is éasca agus is sláine le do chúrsaí cánach a bhainistiú ná trí seirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Mura bhfuil tú in ann ár seirbhísí ar líne a úsáid, féadtar na foirmeacha thíos a ordú. Féadfaidh tú é seo a dhéanamh trí:

  • glaoch ar ár seirbhís ordaithe foirmeacha 24 uair an chloig uathoibrithe glórphoist ar 01 738 3675
  • agus
  • agus na sonraí thíos a fhágáil linn.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís seo a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • teideal na foirme agus an bhliain (más infheidhmithe) a theastaíonn uait
  • líon na bhfoirmeacha
  • d’ainm
  • d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN)[1]
  • d’uimhir fóin
  • agus
  • do sheoladh iomlán poist, Eircode san áireamh.

De rogha air sin, féadtar na sonraí seo a úsáid chun foirmeacha a ordú trí ríomhphost a sheoladh chuig custform@revenue.ie.

Tabhair do d'aire nach bhféadtar ach na foirmeacha thíos a ordú leis an tseirbhís seo.

Foirmeacha tuairisceáin cánach

Foirmeacha éilimh

  • Foirm 54 (sonraigh an bhliain) - Éileamh ar aisíocaíocht Cánach Coinneála ar Ús Taisce (CCÚT).
  • Foirm DE1 (sonraigh an bhliain) - Iarratas ar ús taisce a íoc gan asbhaint CCÚT sa chás go bhfuil an t-iarratasóir agus, nó an céile nó páirtí sibhialta 65 bliain d’aois nó níos sine.
  • Foirm DE2 (sonraigh an bhliain) - Iarratas ó dhuine/daoine aonair faoi éagumas buan ar ús taisce a íoc gan asbhaint CCÚT.
  • Foirm P50 - An chéad éileamh ar aisíocaíocht Cánach Ioncaim agus, nó Muirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) le linn fostaíochta.
  • Med 2 - Costais fiaclóireachta deimhnithe ag cleachtóir fiaclóireachta.
  • SPCC1 – Éileamh don éilitheoir príomha ar an gCreidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil.
  • SPCC2 – Éileamh don éilitheoir tánaisteach ar an gCreidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil.
  • Form HK1 Éileamh ar liúntas chun cúramóir a fhostú.
  • Foirm IT31 - Éileamh ar fhaoiseamh cánach i ndáil le táillí teagaisc i leith oideachas tríú leibhéal.
  • Foirm um Roghnú Céile Inmheasúnaithe - Foirm le seoladh chuig d’oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun do stádas sibhialta a thabhairt cothrom le dáta ar thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Foirmeacha don Cháin Gnóthachan Caipitiúil

  • Foirm CG50 Iarratas ar dheimhniú faoi Alt 980(8) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Foirmeacha don Cháin Fáltas Caipitiúil

  • Form CA4 – Iarratas ar litir imréitigh (Foirm IT8).
  • Foirm CA12 – Iarratas ar Dheimhniú um Scaoileadh ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC) de bhun Alt 62(2) den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.
  • Foirm CA24 Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre faoin Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003 (le húsáid sa chás go bhfuair an duine éagtha bás roimh 5 Nollaig 2001).
  • Form CA26 Mionnscríbhinn Cheartúcháin faoin Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 (le húsáid i gcás ina bhfuarthas deontas probháide idir an 5 Nollaig 2001 agus an 4 Meán Fómhair 2020
  • Form IT38S Tuairisceán i leith bronntanais agus, nó oidhreachtaí a fuarthas ar an 5 Nollaig 2001 nó dá éis.

Tiománaithe agus paisinéirí faoi mhíchumas

  • Foirm DD1 – Faoiseamh cánach i ndáil le feithiclí a ceannaíodh lena n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas.
  • Foirm DDO – Faoiseamh cánach i ndáil le feithiclí a ceannaíodh lena n-úsáid ag eagraíochtaí cáilitheacha.
  • Foirm FG1 – Éileamh ar Dheontas Breosla.
  • VRT7 – Scéim Faoisimh Cánach do Thiománaithe agus paisinéirí faoi mhíchumas, agus Eagraíochtaí.