Clár Iontaobhais

Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI)

Faoin reachtaíocht um fhrithsciúradh airgid, iarrtar ar gach Ballstát den AE Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI) a bhunú.

Is é cuspóir CLÚTI cúnamh a thabhairt le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc trí thrédhearcacht a fheabhsú maidir le cé leo iontaobhais Éireannacha agus cé a rialaíonn iad.

Tá dualgas de réir dlí ar iontaobhais faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chlárú taobh istigh de shé mhí ó bhunú an iontaobhais.

Maidir le hIontaobhais a bunaíodh ar an 23 Aibreán 2021 nó roimhe sin, an spriocdháta clárúcháin a bhí ann ná an 23 Deireadh Fómhair 2021.

Féadfaidh iontaobhaithe (nó a ngníomhairí, a gcomhairleoirí nó a bhfostaithe) clárú ar an tairseach ‘Clár Iontaobhais’ ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Féadfaidh tíolaiceoirí aonair nach bhfuil uimhir cláraithe cánach gnó acu clárú ar moChúrsaí.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar seo féach an rannán sonraithe ar CLÚTI.