1. Cé a fhéadann teacht ar an tseirbhís ríomhChlárúcháin?
  2. Cén chaoi le clárú

Cé a fhéadann teacht ar an tseirbhís ríomhChlárúcháin?

Féadann na daoine seo a leanas clárúcháin chánach a bhainistiú ar líne:

  • Daoine aonair atá cláraithe le haghaidh moChúrsaí. I gcás daoine aonair nach bhfuil cláraithe le haghaidh moChúrsaí agus a dteastaíonn rochtain uathu ar an gcóras ríomhChlárúcháin, ba chóir dóibh clárú le haghaidh moChúrsaí ar dtús.
  • Daoine aonair atá cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
  • Gníomhairí atá cláraithe le haghaidh ROS.

Tabhair do d’aire nach bhfuil rochtain ar an gcóras ríomhChlárúchán ar fáil d’iarratasóirí áirithe, mar atá san achoimre thíos. Ba chóir d’iarratasóirí sna catagóirí seo leanúint d’iarratais pháipéir a thíolacadh dá n-oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. I measc na n-iarratasóirí seo, tá:

  • daoine aonair nach bhfuil incháilithe faoi láthair clárú le haghaidh moChúrsaí
  • céilí neamh-inmheasúnaithe
  • cuideachtaí nach bhfuil stiúrthóirí atá cónaitheach in Éirinn acu
  • comhlachtaí neamhchorpraithe agus eagraíochtaí neamhbhrabúis (mar shampla, scoileanna agus Boird Bhainistíochta agus carthanais) nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh
  • seiceadóirí nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh
  • iontaobhais nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh
  • agus
  • gníomhairí bailiúcháin.

Tabhair do d’aire:

Tá srian ar rochtain ar ROS faoi láthair ach amháin dóibh siúd a fuair uimhir clárúcháin custaiméara roimhe seo ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Cén chaoi le clárú