Cé a fhéadann teacht ar an tseirbhís ríomhChlárúcháin?

  1. Léargas ginearálta
  2. Cén chaoi le clárú

Cén chaoi le clárú

Mar ghnó

  • Úsáideoirí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
    • Gníomhairí: Logáil isteach i do chuntas ROS agus roghnaigh an rogha faoin gcluaisín ‘Bainistigh Clárúcháin Chánach’.

Daoine aonair

  • Úsáideoirí ROS: Cláraigh ceannteidil cánach bhreise trí logáil isteach ar ROS agus cliceáil ar ‘Riar Clárúcháin Chánach’. Ansin, roghnaigh an cháin bhainteach faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  • Úsáideoirí moChúrsaí: Cláraigh ar líne trí logáil isteach ar moChúrsaí agus roghnaigh ‘Clárúcháin Chánach’ ar an gcárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’.

I gcás Cánach Ioncaim (mar fhostaí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT))

  • Roghnaigh Clárúcháin Chánach i ‘mBainistigh Mo Thaifead’ ar moChúrsaí.

Tuilleadh eolais ar clárúchán

Seoltaí

  • Seoladh Gnó: is e seo an seoladh ina bhfuil gníomhaíochtaí an ghnó á ndéanamh. Níl seoladh gníomhaire sásúil le haghaidh seoladh gnó. Chomh maith leis sin, ní ghlactar le seoltaí faoi chúram (f.ch).
  • Seoladh Oifigiúil: i gcás cuideachta, ní mór go dtiocfadh an seoladh oifigiúil a úsáidtear le taifid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (OCC).

Cód NACE

Stiúrthóirí – Ba chóir cód NACE 9806 a úsáid sa chás gurb é ioncam ÍMAT nó stiúrthóireacht an t-aon fhoinse ioncaim.  Maidir le gach cineál eile, ba chóir go sonraítear príomhfhoinse an ioncaim féinfhostaithe leis an gcód NACE.

Deimhniú ar Iarratas

Nuair a bheidh iarratas sínithe agus tíolactha, eiseofar fógra leictreonach láithreach le deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas.  De ghnáth tagann dearbhú i leith an stádais chláraithe aníos ar do phróifíl ROS taobh istigh de 3 lá.