treoir le haghaidh ríomh-Chlárúcháin

Léargas ginearálta

Leis an tseirbhís ríomh-Chlárúchán, féadann gníomhairí agus custaiméirí atá cláraithe le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí a gclárúcháin leis na Coimisinéirí Ioncaim a bhainistiú ar líne. Is iad na buntáistí atá leis an ríomh-Chlárúchán ná go bhfuil sé níos tapúla, níos saoire agus níos éifeachtúla clárú ar líne ná iarratas páipéir a thíolacadh.

Teastaíonn iarratais ar pháipéir fós i gcás roinnt áirithe idirbheart clárúcháin. Ina measc seo, áirítear:

  •  daoine aonair nach bhfuil incháilithe faoi láthair clárú le haghaidh moChúrsaí
  •  céilí neamh-inmheasúnaithe
  •  cuideachtaí nach bhfuil stiúrthóirí atá cónaitheach in Éirinn acu
  •  comhlachtaí neamhchorpraithe agus eagraíochtaí neamhbhrabúis (scoileanna, boird bhainistíochta, carthanais, mar shampla), nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh
  •  carthanais nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh
  •  seiceadóirí nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh
  •  iontaobhais nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh
  • agus
  •  gníomhairí bailiúcháin.

Má thíolacann tú iarratas páipéir nuair a bhí sé de cheart agat iarratas ar líne a thíolacadh, ní phróiseálfar é. Cuirfear an chóip pháipéir ar ais chugat le treoir ann faoin bpróiseas clárúcháin a chomhlánú trí ROS.

Ar aghaidh: Cé a fhéadann teacht ar an tseirbhís ríomhChlárúcháin?