Treoracha moChúrsaí

Clárú le haghaidh moChúrsaí

Tá ár gcóras clárúcháin deartha againn le go mbeidh sé chomh héasca agus is féidir le húsáid.

Ar an scáileán Cláraigh le haghaidh moChúrsaí iarrfar roinnt sonraí ort. Nuair a bheidh na sonraí seo curtha isteach agat, déanfaidh muid iad a mheaitseáil lenár dtaifid.

Má mheaitseálann na sonraí, eiseofar pasfhocal sealadach chugat trí theachtaireacht téacs nó ríomhphoist, nó tríd an bpost. Nuair a bheidh do phasfhocal sealadach agat, tá tú réidh le moChúrsaí a úsáid.

Tabhair do d’aire nach bhfuil an pasfhocal sealadach bailí ach ar feadh tréimhse áirithe ama:

  • téacs nó ríomhphost – téann sé in éag tar éis 1 uair an chloig
  • post – téann sé in éag 21 lá ó dháta na litreach.

Beidh ort pasfhocal nua a chruthú nuair a logálann tú isteach ar moChúrsaí den chéad uair. Coinnigh do phasfhocal slán agus faoi rún.

Ná bíodh imní ort mura meaitseálann do chuid sonraí láithreach. Déanfaidh muid ár ndícheall é a réiteach duit. Más gá, déanfaidh muid teagmháil leat ar an bhfón chun cabhrú leat le haon deacrachtaí le do chlárúchán.

An méid a theastaíonn chun clárú le haghaidh moChúrsaí

Ní mór duit an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil ag an gclárúchán:

Má tá tú in ann dhá cheann de na píosaí eolais seo a leanas a chur ar fáil, agus más féidir linn an t-eolas seo a fhíorú láithreach, seolfaidh muid pasfhocal sealadach trí theachtaireacht téacs nó ríomhphoist:

  • uimhir ceadúnais tiomána Éireannaigh
  • eolas ó do dhuillín pá
  • sonraí ó Fhógra um Fhéinmheasúnú Cánach Ioncaim, nó ó admháil um fhéinmheasúnú.

Sa chás nach bhfuil sé indéanta an t-eolas seo a fhíorú láithreach, eiseofar an pasfhocal sealadach chugat tríd an bpost.

Pasfhocail i ndearmad

Má tá do phasfhocal moChúrsaí dearmadta agat, féadtar cliceáil ar an nasc ‘Pasfhocal i nDearmad?’ ar an scáileán sínithe isteach moChúrsaí. Féadann muid pasfhocal sealadach nua a eisiúint láithreach i mórán cásanna.

Ar aghaidh: Céimeanna tapa chun athbhreithniú ar líne ar do chánacha a chomhlánú