Treoir maidir le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Tá áis thapa agus slán ar fáil in ROS do chustaiméirí chun tuairisceáin chánach a thíolacadh, dliteanais chánach a íoc, agus teacht ar a sonraí cánach. I measc phríomhghnéithe ROS, tá áiseanna ann chun:

  • tuairisceáin, foirm agus fógraí a thíolacadh ar líne
  • íocaíochtaí a dhéanamh le cárta dochair nó cárta creidmheasa nó le treoir dochair
  • faigh sonraí ar líne maidir le cuntais phearsanta nó cliaint de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim
  • dliteanas cánach a ríomh
  • éileamh a dhéanamh ar aisíocaíochtaí.

Tá treoir mhionsonraithe san Ionad Cabhrach ROS maidir le gach áis ROS, lena n-áirítear tuilleadh eolais mhionsonraithe ar ROS a úsáid.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach ROS.

Leis na naisc thíos, féadann custaiméirí nua agus custaiméirí reatha teacht ar ROS: