Feidhmchlár móibíleacha agus as líne

RevApp

Is feidhmchlár saor in aisce é RevApp a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil chun cabhrú leat do chuid cúrsaí cánach a bhainistiú agus tú ar shiúl ó do ríomhaire.

Tugann sé rochtain mhóibíleach thapa agus éasca ar an méid seo:

  • Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), agus seirbhísí ar líne á gcur ar fáil do chustaiméirí féinfhostaithe agus gnó
  • moChúrsaí, agus seirbhísí ar líne á gcur ar fáil le haghaidh daoine aonair
  • Rianaire Admhálacha: an bealach éasca le do chuid admhálacha a thaifeadadh agus a bhainistiú i leith do chuid costas
  • M’Fhiosruithe, ar áis teagmhála ar líne é trína bhféadtar comhfhreagras a mhalartú ar bhealach slán leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • áireamháin agus uirlisí. Leis na huirlisí ar líne seo, tugtar cabhair duit le cánacha a ríomh, ar nós an Cháin Maoine Áitiúil agus an Cháin Cláraithe Feithiclí.

Féadtar deimhniú móibíleach ROS a íoslódáil le RevApp, rud a chuirfidh ar do chumas teacht ar ROS ar do ghléas móibíleach.

Cén áit le RevApp a fháil

Tá RevApp ar fáil le híoslódáil saor in aisce ón Apple App StoreGoogle Play Store agus Windows Store.

Le haghaidh eolais faoi mhéid íoslódála, féach le do thoil ar leathanach táirge an aip ar cibé siopa app ata i gceist. 

Tá RevApp ar fáil ar ghléasanna soghluaiste leis na córais oibriúcháin seo a leanas:

  • Ó Android 4.4 ar aghaidh.
  • Ó iOS 8 ar aghaidh.
  • Windows 8.1 agus Windows 10.

Teastóidh rochtain idirlín chun an aip a úsáid. Moltar go gceanglaítear le WiFi, go háirithe nuair atá íomhánna d’admhálacha á n-uaslódáil agus á n-íoslódáil.

Tacaíocht

Deasc Chabhrach ROS.

Ar aghaidh: Feidhmchlár As Líne Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)