Athshocraigh logáil isteach le haghaidh ROS

Más tusa an Riarthóir ROS agus má tá deacrachtaí agat le logáil isteach ar ROS:

Má leanann tú ar aghaidh leis an rogha seo, cuirfear gach deimhniú fo-úsáideora agus ceangailte ar fionraí.

Ní bheidh fáil ar an rochtain uile ar ROS go dtí go ndéanann tú deimhniú nua Riarthóra a íoslódáil.

Féadfaidh sé go mbeidh ort dul chuig an gcluaisín Riarachán Seirbhísí in ROS agus na fo-úsáideoirí a athbhunú.

Chun do Logáil Isteach le haghaidh ROS a athshocrú is gá an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • dhá cheist slándála a fhreagairt 
  • do sheoladh ríomhphoist nó uimhir fóin póca, mar atá ar an gcluaisín Próifíl ROS, a dheimhniú chun an próiseas a chomhlánú.

Mura bhfuil ceisteanna slándála socraithe agat nó má tá do shonraí teagmhála as dáta, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach ROS.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le do logáil isteach le haghaidh ROS a athshocrú féach ar an treoirleabhar:

Físeán ar an Logáil Isteach le haghaidh ROS a Athshocrú