Deacrachtaí maidir le clárú le haghaidh ROS

Pasfhocal córais imithe in éag

Níl pasfhocail córais ROS bailí ach le uair amháin.

Má tá tú ag déanamh iarrachta do dheimhniú digiteach a íoslódáil agus a shábháil, agus tá tú ag fáil teachtaireachta go bhfuil an pasfhocal córais imithe in éag, féach ar na réitigh thíos:

  • Má tá an próiseas clárúcháin le haghaidh ROS trí chéim á chomhlánú agat agus an RAN ar láimh agat, comhlánaigh Céim 2 arís chun pasfhocal córais nua a fháil.
  • Má tá an fheidhm ‘Athshocraigh an Logáil Isteach’ á húsáid agat, déan athshocrú eile chun pasfhocal córais nua a fháil.
  • Má chláraigh tú le haghaidh ROS trí moChúrsaí, cláraigh arís trí moChúrsaí.

Mura bhfuil tú in ann an méid thuas a chomhlánú, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach Theicniúil ROS.