Deacrachtaí leis an bhfeidhmchlár as líne ROS

Deacrachtaí le foirm réamhlíonta a oscailt

Ní fhéadtar ach foirmeacha réamhlíonta a oscailt leis an bhfeidhmchlár as líne de chuid Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féach ar an rannán Foirm a sábháladh roimhe seo a oscailt le haghaidh tuilleadh treoracha.

Chun d’fhoirm réamhlíonta a oscailt, cinntigh ar dtús go bhfuil an leagan is déanaí den fhoirm suiteáilte san fheidhmchlár as líne ROS. Chun é seo a dhéanamh, cliceáil ar ‘Íoslódáil’ agus ansin ‘Athnuaigh’ chun an liosta is déanaí de na foirmeacha atá ar fáil a íoslódáil. Má tá leagan níos déanaí den fhoirm ar fáil, ba chóir é seo a íoslódáil.

Nuair a íoslódálann tú foirm réamhlíonta ó ROS ar líne, sábháiltear é i d'fhillteán íoslódálacha.