Deacrachtaí leis an bhfeidhmchlár as líne ROS

Níl an fhoirm iarrtha ar liosta na bhfoirmeacha atá ar fáil

Mura bhféadtar an fhoirm iarrtha a aimsiú i liosta na bhfoirmeacha atá ar fáil san fheidhmchlár as líne de chuid Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS):

  • Athnuaigh an liosta foirmeacha atá ar fáil san fheidhmchlár as líne ROS le cinntiú go bhfuil sé seo cothrom le dáta. Chun é seo a dhéanamh, cliceáil ar ‘Íoslódáil’ san fheidhmchlár as líne ROS, agus ansin cliceáil ar ‘Athnuaigh’.
  • Seiceáil an rannán ar Fhoirmeacha ar fáil san fheidhmchlár as líne ROS le cinntiú go bhfuil d’fhoirm iarrtha ar fáil san fheidhmchlár as líne ROS.

Ar aghaidh: Earráidí maidir le híoslódáil foirmeacha nó liostaí athnuachana