Riachtanais chórais

  1. Léargas ginearálta
  2. Riachtanais chórais ROS
  3. Riachtanais chórais moChúrsaí
  4. Riachtanais chórais na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Riachtanais chórais na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Córas oibriúcháin agus na leaganacha brabhsálaí comhoiriúnacha

Chun an t-eispéireas is fearr a fháil leis an gcóras CMÁ ar líne, molann muid duit go mbaineann tú úsáid as aon cheann de na meascáin seo a leanas, lena n-áirítear leaganacha níos déanaí:

Riachtanais chórais
CineálCóras OibriúcháinLeaganacha Brabhsálaí
Ríomhaire Deisce Windows 10  Edge, IE11*, Chrome, Firefox
Ríomhaire Deisce Windows 8 IE11*, Chrome, Firefox
MAC MAC OSX 10.7 nó níos airde: Safari 6.1 agus níos airde, Chrome, Firefox

*Tabhair do d'aire nach n-oibríonn an treoir luachála ar IE11

Socruithe brabhsálaí

Chun an córas CMÁ ar líne a úsáid go rathúil, ní mór fianáin a bheith cumasaithe agat. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar Ráiteas ar Fianáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Go hídéalach, ba chóir JavaScript a bheith cumasaithe le haghaidh an eispéiris is fearr, cé nach bhfuil sé fíor-riachtanach.

Roghanna eile

Is eol dúinn go n-oibríonn CMÁ ar líne ar roinnt mhaith gléasanna agus brabhsálaithe eile, lena n-áirítear gléasanna iPad agus Android. Níl muid in ann déileáil le hiarratais tacaíochta faoi láthair le haghaidh na n-ardán seo.