Scéim Fan agus Caith

Cén chaoi leis an gCreidmheas Cánach Fan agus Caith a éileamh

Ní mór duit éileamh a dhéanamh ar an gcreidmheas cánach Fan agus Caith agus do thuairisceán cánach bliantúil á chomhlánú agat.

Ní mór cóip d’admháil maidir le haon chaiteachas cáilitheach a tabhaíodh a thíolacadh nuair atá éileamh á dhéanamh. Féadtar é seo a dhéanamh ach úsáid a bhaint as seirbhís nua Rianaire Admhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim in moChúrsaí.

Tá treoir céim ar chéim againn in Tax and Duty Manual Part 15-01-47 ar an gcaoi le is an méid seo a dhéanamh:

  • cóip de d’admháil a thíolacadh
  • agus
  • an creidmheas a éileamh.

Cé a fhéadann an creidmheas cánach seo a éileamh?

Tá tú incháilithe an Creidmheas Cánach Fan agus Caith a éileamh más rud é go mbaineann an méid seo a leanas leat:

  • gur thabhaigh tú caiteachas cáilitheach nach lú ná €25 ón 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 30 Aibreán 2021
  • agus
  • go bhfuil do dhóthain dliteanais Cánach Ioncaim nó Muirear Sóisialach Uilíoch agat le fritháireamh in aghaidh an chreidmheasa.