DAT do chonraitheoirí

Cén chaoi a n-oibríonn an Dreasacht um Athchóiriú Tí?

Ligeann an Dreasacht Athchóirithe Tí (DAT) d’úinéirí tí nó do thiarnaí talún creidmheas cánach a éileamh do 13.5% de chostas iomlán na ndeisiúchán, na n-athchóirithe nó na bhfeabhsuithe dá maoin. Ní fhéadann siad an Creidmheas Cánach DAT a éileamh le haghaidh cineálacha sonracha oibre ar chineálacha sonracha maoine. Chun cáiliú dó seo, ní mór, chomh maith, an obair a bheith déanta ag conraitheoir cáilitheach DAT.

Sula dtosaíonn tú ar aon obair, ba chóir duit:

  • Úinéir na háite cónaithe nó an tiarna talún a chur ar an eolas faoi DAT.
  • Uimhir aitheantais úinéir na háite cónaithe nó an tiarna talún a lorg uathu. Tá Uimhir Aitheantais na Maoine san áireamh i ngach litir faoin gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ) ó na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Iarr ar úinéir na háite cónaithe nó ar an tiarna talún an maoin cíosa atá ann. Má dhéanann tú obair a bhaineann leis an maoin a athchóiriú ina haonaid chíosa, iarr cé mhéad aonad cíosa a bheidh ann nuair a bheidh an obair críochnaithe.
  • Cuir isteach sonraí na hoibre tríd an gcóras DAT ar líne. Ní mór duit costas measta iomlán na hoibre a chur isteach, is cuma luach an chonartha nó an éilimh deontais. 
  • Abair le húinéir na háite cónaithe nó leis an tiarna talún go bhfuil na sonraí curtha isteach agat agus go bhféadfaidh siad iad a sheiceáil tríd an gcóras DAT ar líne.

Féadfaidh sé go bhfuil úinéir na háite cónaithe nó an tiarna talún ag caitheamh níos lú ná an méid íosta ar an maoin chun cáiliú don Chreidmheas Cánach don DAT. Ba chóir duit na sonraí a chur isteach fós tríd an gcóras DAT ar líne, toisc go bhféadfaidh sé go mbeidh obair eile curtha i gcrích acu ina dhiaidh sin.

Tar éis duit an obair a thosú, ba chóir duit na sonraí uile íocaíochta a chur isteach tríd an gcóras DAT ar líne de réir mar a fhaigheann tú iad. 

Ar aghaidh: Céard is conraitheoir cáilitheach DAT ann?