DAT do chonraitheoirí

Céard is conraitheoir cáilitheach DAT ann?

Chun cáiliú mar chonraitheoir le haghaidh DAT, ní mór duit clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) agus Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI). Ní mór duit a bheith cláraithe chomh maith le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de.

CBL

Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh CBL toisc go bhfuil do láimhdeachas faoin teorainn um chlárú le haghaidh CBL, beidh ort fós clárú.

CCI

Más príomhchonraitheoir thú, ní mór duit a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de. Más fochonraitheoir thú, ní mór ráta CCI nialasach nó 20% a bheith agat.

Má tá tú cláraithe le haghaidh CCI agus ráta CCI 35% agat, ní bheidh tú incháilithe le haghaidh DAT.

Ar aghaidh: Cé na cineálacha oibre a cháilíonn faoi DAT?