DAT do chonraitheoirí

Cén uair is gá an obair a bheith curtha i gcrích?

Féadann úinéirí tí éileamh a dhéanamh i leith obair cháilitheach a cuireadh i gcrích agus ar íocadh as ó 25 Deireadh Fómhair 2013. Féadann tiarnaí talún éileamh a dhéanamh i leith obair cháilitheach a cuireadh i gcrích agus ar íocadh as ó 15 Deireadh Fómhair 2014.

Ní fhéadann úinéirí tí ná tiarnaí talún éileamh a dhéanamh i leith aon obair a chuirtear i gcrích nó a n-íoctar as tar éis 31 Nollaig 2018.

An t-aon eisceacht ón dáta dúnta seo ná má theastaíonn cead pleanála le haghaidh na hoibre. Má tá sé seo ar bun faoi 31 Nollaig 2018, féadann úinéirí tí agus tiarnaí talún éileamh a dhéanamh i leith obair a cuireadh i gcrích suas le 31 Márta 2019. Deonófar faoiseamhi leith íocaíochtaí a rinneadh suas go dtí an 31 Nollaig 2019.

Ar aghaidh: Luach an chreidmheasa chánach d'úinéirí tí nó do thiarnaí talún