DAT d'úinéirí tí agus tiarnaí talún

Luach an Chreidmheasa Chánach DAT

Chun cáiliú don Chreidmheas Cánach i leith na Dreasachta Athchóirithe Tí (DAT), ní mór €4,405 ar a laghad a bheith caite agat ar gach maoin incháilithe. Is figiúr roimh Cháin Bhreisluacha (CBL) ag 13.5% é seo. Féadfaidh an costas iomlán seo a bheith i gceist i leith jab amháin nó níos mó ar an maoin. Féadfaidh sé a bheith déanta ag conraitheoir cáilitheach amháin nó níos mó. Gach obair a ndéanann tú éileamh ina leith, ní mór é a bheith déanta agus a bheith íoctha laistigh de thréimhse ama incheadaithe na dreasachta.

Féadtar an Creidmheas Cánach DAT a éileamh suas le huasmhéid €30,000 de do chostas iomlán. Is figiúr roimh CBL ag 13.5% é seo. Féadfaidh sé go mbeidh níos mó ná seo caite agat ar an obair ar do mhaoin. Más ea, ní chuirfear san áireamh an méid os cionn €30,000.

Féadfaidh sé go bhfuil maoin cíosa aonair agat atá tiontaithe isteach ina haonaid chíosa. Caitear le gach aon cheann de na haonaid seo ar leithligh i leith DAT. Baineann an t-uasmhéid €30,000, roimh CBL ag 13.5%, le gach aon cheann de na haonaid aonair cíosa seo.

Cé mhéad atá ar an gcreidmheas cánach DAT?

Braitheann méid an chreidmheasa DAT ar an méid seo a leanas:

  • an tsuim a chaith tú ar oibreacha incháilithe
  • aon deontas, éileamh árachais nó cúitimh a fhéadfaidh sé go bhfaigheann tú i rith thréimhse cheadaithe na dreasachta.

Mura bhfuil aon deontas, éileamh árachais nó cúitimh ann, is é an méid creidmheasa cánach is ísle i leith maoine ná €595 (€4,405 x 13.5%). Is é an méid creidmheasa cánach is airde ná €4,050 (€30,000 x 13.5%).

Íocaíocht deontais

Má fhaigheann tú deontas i leith obair cháilitheach, laghdófar an caiteachas cáilitheach iomlán laghdaithe faoi thrí huaire mhéid an deontais. Mar shampla deontas inslithe ón Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).

Éilimh árachais agus nó cúitimh

Laghdaítear do chaiteachas cáilitheach iomlán faoi mhéid aon íocaíochta árachais nó cúitimh a fhéadfaidh tú a fháil.

Ar aghaidh: Conraitheoir a roghnú don Dreasacht Athchóirithe Tí