DAT d'úinéirí tí agus tiarnaí talún

Cé na cineálacha maoine a cháilíonn faoi DAT?

Baineann scéim na Dreasachta Athchóirithe Tí (DAT) le maoin atá á deisiú nó á hathchóiriú. Ní mór an mhaoin:

  • a bheith ar an bpríomháit chónaithe a bhfuil cónaí ort ann
  • a bheith ina maoin atá á ligean amach ar cíos agat. Ní mór í seo a bheith á háiteamh ag tionónta agus an tionóntacht a bheith cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe taobh istigh de shé mhí ó chríochnú na hoibre.

Maoine nach gcáilíonn

Ní cháilíonn maoine amhail tithe saoire nó tógáil nua don scéim DAT.

An bhfuil tú cláraithe leis na Coimisineirí Ioncaim mar úinéir nó mar chomhúinéir na maoine?

Is é clár na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) clár na gCoimisinéirí Ioncaim de gach úinéir maoine. Tá tú ar an gclár seo más rud é go bhfuair tú comhfhreagras ó na Coimisinéirí Ioncaim i leith an CMÁ i d’ainm féin.

Mura bhfuil tú ar an gclár CMÁ, ba chóir duit clárú mar úinéir nó mar chomhúinéir na maoine ach:

Mura bhfuil íocaíocht CMÁ déanta agat go dtí seo, féadfaidh tú é seo a dhéanamh ach tuairisceán CMÁ a thíolacadh.

Más comhúinéireacht atá i gceist le do mhaoin

Más i gcomhúinéireacht leatsa agus le duine eile atá do mhaoin, féadfaidh gach úinéir an Creidmheas Cánach DAT a éileamh. Tá teorainn creidmheasa cánach ag baint leis an maoin. Roinntear an creidmheas cánach foriomlán idir na húinéirí bunaithe ar na costais atá íoctha ag gach duine acu.

Ar aghaidh: Cén uair is gá an obair a bheith curtha i gcrích?