DAT d'úinéirí tí agus tiarnaí talún

Cé na cineálacha oibre a cháilíonn faoi DAT?

Chun cáiliú don fhaoiseamh cánach, ní mór Cáin Bhreisluacha (CBL) ag 13.5% a bheith íoctha agat as an obair a rinneadh ar do mhaoin incháilithe. Samplaí d’obair cháilitheach is ea:

  • péinteáil, maisiúchán agus tíliú
  • plástráil, pluiméireacht agus athshreangú
  • uasghrádú ar sheomra folctha
  • cistineacha feistithe
  • fuinneoga a athchur
  • síntí agus athchóirithe áiléir
  • garáistí, cabhsáin agus tírdhreachú
  • deisiú nó athchur dabhaigh séarachais
  • insliú.

Obair nach gcáilíonn

Ní fhéadtar roinnt earraí agus seirbhísí a áireamh i d’éileamh i leith faoiseamh cánach. Is earraí nó seirbhísí iad seo a sholáthraíonn do chonraitheoir ag ráta CBL 23%. Samplaí d’earraí agus seirbhísí nach gcáilíonn is ea:

  • cairpéid
  • troscán
  • fearais
  • seirbhísí amhail táillí ailtirí.

Má cheannaíonn tú ábhair tú féin, péint nó tíleanna, mar shampla, ní fhéadtar iad a áireamh i d’éileamh i leith faoiseamh cánach.

Ar aghaidh: Cé na cineálacha maoine a cháilíonn faoi DAT?