DAT d'úinéirí tí agus tiarnaí talún

Cén uair is gá an obair a bheith curtha i gcrích?

Más úinéir tí thú, féadann tú éileamh a dhéanamh i leith obair cháilitheach a cuireadh i gcrích agus ar íocadh as ó 25 Deireadh Fómhair 2013 ar aghaidh. Más tiarna talún thú, féadann tú éileamh a dhéanamh i leith obair cháilitheach a cuireadh i gcrích agus ar íocadh as ó 15 Deireadh Fómhair 2014 ar aghaidh. Más tionónta údaráis áitiúil thú, féadann tú éileamh a dhéanamh i leith obair a cuireadh i gcrích agus ar íocadh as ó 1 Eanáir 2017 ar aghaidh.

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh i leith aon obair a chuirtear i gcrích nó a n-íoctar as tar éis 31 Nollaig 2018.

An t-aon eisceacht ón dáta dúnta seo ná má bhí cead pleanála ann lena aghaidh faoin 31 Nollaig 2018. Más ea, aon obair a chuirtear i gcrích idir 1 Eanáir 2019 agus 31 Márta 2019, beidh sí incháilithe le haghaidh an fhaoisimh.

Ar aghaidh: Luach an Chreidmheasa Chánach DAT