Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú
Cén chaoi le h-imréiteach ginearálta a fháil
Roimh dhíol na maoine, féadfaidh an díoltóir imréiteach ginearálta a fháil. Féadtar é seo a dhéanamh trí rochtain ar an gcóras Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) ar líne ag baint úsáid as:
- d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
- uimhir aitheantais na maoine
- an PIN.
Féadtar an Scáileán Stair na nÍocaíochtaí ón gcóras CMÁ a phriontáil chun a dheimhniú nach bhfuil aon dliteanas ná tuairisceán amuigh. Féadtar é sin a úsáid mar dheimhniú go bhfuil díoltóir na maoine comhlíontach ó thaobh CMÁ de.
Mura bhfuil uimhir aitheantais na maoine ná an UAP agat, féadtar iarratas a dhéanamh tríd an gcóras CMÁ. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim iad seo a athsheoladh chuig do sheoladh oifigiúil atá ar do thaifid leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Féadfaidh tú, mar an díoltóir, rochtain don imréiteach ginearálta a thabhairt do do dhlíodóir nó do dhlíodóir an cheannaitheora ach na sonraí seo a leanas a thabhairt dóibh:
- do UPSP
- uimhir aitheantais na maoine
- Uimhir Rochtana na Maoine (PAN).
Féadtar an PAN a fháil nuair a bhíonn tú ar Scáileán Stair na nÍocaíochtaí ar an gcóras CM Á ar líne.
Féadfaidh do dhlíodóir nó dlíodóir an cheannaitheora na sonraí seo a úsáid chun teacht ar Scáileán Stair na nÍocaíochtaí trína gcúntas ar Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) . Deimhneoidh sé seo má tá aon deacrachtaí amuigh ann i leith CMÁ.
Ní mór aon dliteanas iarchurtha, lena n-áirítear ús, a íoc. Ní mór duit chomh maith deimhniú go bhfuil aon díolúine a éilítear bailí a chur ar fáil don cheannaitheoir.
Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn nuair a bhíonn níos mó ná aon díol amháin i dtréimhse luachála?