An Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF)

Céard is iasacht morgáiste cháilitheach ann?

Is éard is iasacht morgáiste cháilitheach ann ná iasacht urraithe trí eastát, ruílse nó léasach in áit chónaithe phríobháideach phríomha, a mhorgáistiú. 

Féadann iasacht morgáiste cháilitheach:

  • a bheith ina morgáiste nua 
  • a bheith ina hiasacht bhreise a úsáidtear chun an áit chónaithe a fhorbairt nó a fheabhsú
  • a bheith ina hiasacht ar leith d’áit chónaithe a úsáidtear chun an áit chónaithe a fhorbairt nó a fheabhsú
  • a bheith ina hathmhorgáiste nó ina comhdhlúthú d’iasachtaí atá ann cheana féin.

Samplaí d’iasachtaí morgáiste cáilitheacha

Úsáidtear iasachtaí morgáiste cáilitheacha chun críocha:

  • d’áit chónaithe a cheannach
  • síntí nó chun ceann díobh seo a cheannach nó a thógáil
    • garáiste
    • seid gairdín
    • teach gloine
    • linn snámha
    • cúirt leadóige
  • cabhsán nó cosán a thógáil
  • comhshó
  • téamh lárnach a shuiteáil
  • athshreangú agus pluiméireacht (suíteanna seomra folctha san áireamh)
  • fuinneoga a athsholáthar agus gloiniú dúbailte
  • aonaid seomra leapa agus cistine a cheannach agus a shuiteáil, ar aonaid iad a fheistítear don teach agus ar cuid den teach iad dá thoradh
  • aláraim buirgléireachta nó dóiteáin a cheannach agus a shuiteáil
  • suiteáil agus cóireáil i leith tais, críonlobhadh agus réadáin
  • gairdíní a thírdhreachú (ballaí gairdín san áireamh)
  • íocaíochtaí i leith scéimeanna grúpa uisce agus séarachais
  • leas páirteach duine eile san áit chónaithe a cheannach
  • táillí dlíthiúla agus táillí eile a bhaineann le d’áit chónaithe a cheannach nó a fhorbairt
  • Dleacht Stampála ar cheannach d’áite cónaithe.

Cén chaoi a ndeonaítear faoiseamh i leith iasacht morgáiste cháilitheach?

Deonaíonn d’iasachtóir an faoiseamh cánach i leith iasacht morgáiste cháilitheach go díreach tríd an scéim Faoisimh Cánach ag an bhFoinse (FCF). Tá an córas FCF i bhfeidhm ar iasachtaí áite cónaithe urraithe. Tá na hiasachtaí seo urraithe trí eastát, ruílse nó léasach in áit chónaithe phríobháideach phríomha, a mhorgáistiú. Tugann an t-iasachtóir an faoiseamh trí d’íocaíocht mhíosúil mhorgáiste a laghdú, nó trí chreidmheas isteach i do chuntas maoinithe don mhorgáiste.

Cén chaoi a ndeonaítear faoiseamh i leith iasachtaí eile cáilitheacha le haghaidh áit chónaithe?

Féadtar faoiseamh cánach a éileamh trí d’Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh iasacht áite cónaithe:

  • nach bhfuil urraithe ar ghníomhais teidil na háite cónaithe
  • atá urraithe ar mhaoin eile seachas d’áit chónaithe.

Íoctar an faoiseamh sa chás seo tríd an gcóras cánach:

  • agus athbhreithniú a dhéanamh ag deireadh na bliana cánach nó
  • le faoiseamh léirithe ar dheimhniú creidmheasanna cánach i rith na mbliana chánach

Ar aghaidh: An bhfuil tú incháilithe le haghaidh Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste?