Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT)
Léargas ginearálta
Ó 1 Iúil 2023, cuirfear athruithe reachtaíochta i bhfeidhm ar an méid seo a leanas:
- tiarnaí talún neamhchónaitheacha
- gníomhairí bailiúcháin do thiarnaí talún neamhchónaitheacha
- agus
- tionóntaí de chuid tiarnaí talún neamhchónaitheach.
Leis an reachtaíocht nua a thabhairt isteach, beidh athruithe i gceist do ghníomhairí bailiúcháin agus do thionóntaí de chuid tiarnaí talún neamhchónaitheacha. Tá na hathruithe seo le tarlú ón 1 Iúil 2023. Beidh Córas nua Cánach Shiarchoinneálach do Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT) i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus moChúrsaí.
Déanfaidh gníomhairí bailiúcháin nó tionóntaí Fógraí Cíosa (RNanna) nuair a íoctar cíos le tiarnaí talún neamhchónaitheacha. Mar chuid den Fhógra Cíosa, déanfaidh gníomhairí bailiúcháin nó tionóntaí 20% den íocaíocht cíosa a choinneáil siar agus íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim. Beidh an tsuim choinnithe siar seo ar fáil don tiarna talún neamhchónaitheach mar chreidmheas nuair a chuireann siad a dtuairisceán bliantúil isteach.
I gcás daoine aonair, is Foirm 11 a bheidh sa tuairisceán agus, i gcás cuideachtaí, is Foirm CT1 a bheidh sa tuairisceán.
Ar aghaidh: Tiarnaí talún neamhchónaitheacha