Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC)

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire

Mar a fhoráiltear faoin Acht Airgeadais (Uimh.2) 2023, tá an chéad dáta dliteanais don Cháin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC) curtha siar go dtí an 1 Feabhra 2025. Níl aon riachtanas láithreach ann clárú le haghaidh CTCC agus osclófar an clárúchán go luath i mí na Nollag 2024. Beidh sé de oibleagáid ort clárú le haghaidh CTCC maidir le láithreán ábhartha, gur talamh é a bheidh le feiceáil ar léarscáil deiridh cánach talún criosaithe cónaithe atá nuashonraithe, a fhoilsíonn na húdaráis áitiúla tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain, ag tosú in 2025. D'fhéadfadh maoine cónaithe a bheith san áireamh sa talamh sin; sa chás go bhfuil maoine den sórt sin faoi réir na Cánach Maoine Áitiúla, ní bheidh siad faoi réir CTCC. Sa chás go bhfuil gairdíní/clóis maoine den sórt sin níos mó ná 0.4047 heicteár, beidh dualgas ar úinéirí clárú le haghaidh CTCC, ach gan íoc.

Is cáin bliantúil é Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC). Ríomhtar é ag 3% de luach margaidh na talún laistigh dá scóip. Beidh sé i bhfeidhm ó 2024 ar aghaidh. Tá maoine áirithe ar nós maoine cónaithe atá faoi dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) eisiata ón gcáin.

Beidh feidhm ag CTCC ar 01 Eanáir 2022 nó dá éis, ar thalamh atá:

  • criosaithe le haghaidh úsáid chónaitheach
  • agus
  • seirbhísithe.

Go ginearálta, tá talamh seibhísithe nuair atá rochtain aige ar infreastruchtúir atá riachtanach le haghaidh forbairt chónaithe. Áirítear leis seo, bóithre, cosáin, soilsiú chomh maith le soláthar uisce agus seirbhísí, lena n-áirítear séarachas agus draenáil.

Ullmhóidh agus foilseoidh gach údarás áitiúil léarscáil agus léirítear talamh ann a thagann faoi scóip an CTCC. D'foilseoidh na húdaráis áitiúil na chéad dréacht-léarscáileanna ar 01 Samhain 2022. Foilseofar léarscáileanna forlíontacha agus críochnúil in 2023. Déanfaidh na húdaráis áitiúla uasdátú ar na léarscáileanna seo go bliantúil ó 2025 ar aghaidh i dtaca le athruithe ar stádas criosaithe agus seirbhísithe talún.

Féadfaidh tú tíolacadh a dhéanamh chuig an údarás áitiúil le talamh a chur as an áireamh ar léarscáil. Féadfaidh tú tíolacadh a dhéanamh freisin chun talamh a chur san áireamh nach bhfuil léirithe ar léarscáil. Mura n-aontaíonn tú le cinneadh an t-údarás áitiúil maidir le do thalamh, féadtar achomharc a chur faoi bhráid An Bhoird Phleanála.

Féadfaidh úinéirí talún iarratas a thíolacadh chuig údarás áitiúil chun leasú a dhéanamh ar stádas criosaithe na talún atá san áireamh ar an léarscáil.

Ar aghaidh: Dáta dlite CTCC agus maoine eisiata