An Scéim Tacaíochta um Atosú Gnó (STAG)

Critéar incháilitheachta

Chun cáiliú don STAG, níor mór go mbeifeá in ann a léiriú:

  • nár sáraigh láimhdeachas do ghnó, le linn 1 Meán Fómhair 2020 go 31 Lúnasa 2021, níos mó ná 25% de mhéid an láimhdeachais tagartha
  • go raibh suim an láimhdeachais tagartha ina eachtarshuíomh den Mhéan-Láimhdeachas Seachtainiúil (MLS) den ghnó ar feadh tréimhse ama sonraithe (is é sin MLS arna iolrú faoi 52).

D'athraigh an tréimhse ama a úsáideadh chun suim an láimhdeachais tagartha a bhunú, ag brath ar an uair a bunaíodh do ghnó.

Chun an MLS a ríomh, ba é tréimhse an láimhdeachais tagartha do ghnóthaí a bunaíodh:

  • roimh 26 Nollaig 2019 ná ó 1 Eanáir (nó an am a cuireadh tús leis an ngnó) go 31 Nollaig 2019
  • idir 26 Nollaig 2019 agus 9 Márta 2020, ná ó 26 Nollaig 2019 (nó ag an am a cuireadh tús leis an ngnó) go 15 Márta 2020
  • idir 10 Márta 2020 agus 26 Lúnasa 2020, ná ó 10 Márta 2020 (nó an am a cuireadh tús leis an ngnó) go 31 Lúnasa 2020.

Níor mór go mbeifeá in ann an méid seo a leanas i leith do ghnó a léiriú:

  • gur chloí do ghnó le dualgais i ndáil le clárú agus cuntasaíocht na Cánach Breisluacha (CBL)
  • go raibh do ghnó ag trádáil go gníomhach agus go bhfuil sé i gceist leanúint ar aghaidh
  • agus
  • nach raibh do ghnó incháilithe éileamh ar an Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID (STSC) a dhéanamh le haghaidh aon seachtain, lena n-áirítear 1 Meán Fómhair 2021. 

Ar aghaidh: Liosta de na gnólachtaí a fuair íocaíochtaí faoin STAG