Thóg ABC Teoranta trádstórais ar a shon in 2006 ar €1,000,000 móide CBL €135,000. Críochnaíodh an obair forbartha ar 6 Lúnasa 2006. Rinne ABC Teoranta an CBL seo uile a éileamh ar ais agus lean lena ghnó trádstórais a sheoladh ón áitreabh. Bhí an trádstóras fós coinnithe ar 1 Iúil 2008 agus ní dhearnadh aon fhorbairt air ó rinneadh an fáltas.
Ar 3 Feabhra 2009, díolann ABC Teoranta an trádstóras ar €1,500,000. Ós rud é go raibh ABC Teoranta i dteideal CBL a éileamh ar ais ar fháltas na maoine agus gurb é an chéad uair a díoladh maoin laistigh de chúig bliana óna chríochnú, tá an díol incháinithe.