Céard iad rátaí CBL ann?

Ráta laghdaithe CBL

Baineann an ráta laghdaithe Cánach Breisluacha (CBL) le hearraí agus seirbhísí áirithe, lena n-áirítear:

  • soláthairtí lónadóireachta agus bialainne, (seachas alcól, deochanna boga agus uisce buidéalaithe*
  • bia te le beir leat agus tae agus caife te*
  • ligin óstáin, amhail tithe aíochta, páirceanna carbhán nó láithreacha campála*
  • ceadanna isteach do phictiúrlanna, amharclanna, léirithe ceoil, músaeim, taispeántais nó dánlanna ealaíne*
  • na cineálacha seirbhísí siamsaíochta a bheadh ar fáil de ghnáth i bpáirceanna aonaigh nó páirceanna siamsaíochta*
  • cead isteach d’fheirm oscailte*
  • seirbhísí gruagaireachta*
  • ábhar áirithe clóite, amhail bróisiúir, bileoga eolais, catalóga nó ceol clóite (seachas leabhair)*
  • breoslaí áirithe
  • seirbhísí foirgníochta áirithe
  • seirbhísí deisithe
  • seirbhísí glantóireachta agus cothabhála (go ginearálta)
  • soláthairtí grianghrafadóireachta áirithe
  • saothair ealaíne agus seandachtaí áirithe a iompórtáil
  • capaill bheo a sholáthar, seachas iad siúd a raibh sé i gceist iad a úsáid chun bia-ábhair a ullmhú nó i dtáirgeadh talmhaíochta
  • capaill a fhruiliú
  • cúnna a sholáthar
  • seirbhísí treoraithe turais
  • agus
  • fruiliú gearrthéarmach.

 *Tá an ráta laghdaithe CBL i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2023. Roimh an 1 Samhain 2020, bhí an ráta laghdaithe CBL i bhfeidhm ar na soláthairtí seo.

Ar aghaidh: An dara ráta laghdaithe CBL