Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Feithicil a iompórtáil ón mBreatain Mhór

Ón 01 Eanáir 2021, caitear le hiompórtáil feithicle ón mBreatain Mhór mar iompórtáil ó thír neamh-Aontais Eorpaigh (AE).

Feithiclí a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór roimh an 01 Eanáir 2021 a chlárú

Féadtar na feithiclí seo a chlárú mar is gnách. Ní mór duit cruthúnas doiciméadach a chur ar fáil go raibh an fheithicil iompórtáilte roimh an 1 Eanáir 2021. Sampla de chruthúnas ná sonrasc díolacháin nó ticéad báid farantóireachta a shonraíonn an fheithicil shonrach.

Feithiclí a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór tar éis an 31 Nollaig 2020 a chlárú

Le linn feithicil a chur ar fáil le haghaidh clárúcháin ag an ionad SNTC, déanfar seiceáil le cinntiú go bhfuil dearbhú Custam comhlánaithe i ndáil leis an bhfeithicil. Ní mór an Uimhir Aitheantais Feithicle (UAF) a chur san áireamh ar an dearbhú custam chun go bhféadtar an tseiceáil seo a dhéanamh. Beidh ort an méid seo thíos a chur ar fáil chomh maith:

  • an doiciméad clárúcháin eachtrach (an V5C ón Ríocht Aontaithe)
  • cóip den dearbhú custam lena n-áirítear uimhir thagartha an dearbhaithe custam (an MUT)
  • aon doiciméid tacaíochta eile.

Roimh fheithiclí a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór tar éis an 31 Nollaig 2020 a chlárú

Má iompórtálann tú feithicil ón mBreatain Mhór isteach chun an Stáit, ní mór duit:

  • dearbhú custam a chomhlánú
  • agus
  • dleacht Custam a íoc

agus, más cuí, Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc ar luach iompórtála na feithicle.

Ní mór é seo a dhéanamh roimh iompórtáil na feithicle. Ní bheidh sé indéanta an fheithicil a chlárú sa Stát gan an dearbhú cuí custam a chomhlánú. Féadtar tuilleadh eolais ar thíolacadh a fháil in dearbhuithe Custam.

Éilimh ar Thionscnamh Fabhrach

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhoibrithe AE-Ríocht Aontaithe, cuirtear deireadh le dleachtanna custam maidir le trádáil idir an AE agus an Ríocht Aontaithe nuair a chomhlíontar na rialacha cuí maidir le tionscnamh. Ní fhéadtar éileamh ar chóir fhabhrach taraife d’iompórtálacha go hÉirinn a dhéanamh ach sa chás gur de bhunadh an Ríocht Aontaithe na hearraí.

Baineann na forálacha taraife nialasacha leis na hearraí uile a chloíonn leis na rialacha tionscnaimh faoin gComhaontú Trádála agus Comhoibrithe AE-Ríocht Aontaithe. Le go mbainfidh iompórtálacha leas as bonn saor ó dhleacht, ní mór don iompórtálaí éileamh a dhéanamh ar chóir fhabhrach ar a ndearbhú iompórtála. Ní mór don éilitheoir a chruthú go gcáilíonn an fheithicil don fhaoiseamh.

Taraifí ar fheithiclí nach de bhunadh na Ríochta Aontaithe

Cuirfear taraifí i bhfeidhm ar na feithiclí seo a leanas a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór, ós rud é nach gcáilíonn siad mar thionscnamh na Ríochta Aontaithe faoi na rialacha tionscnaimh:

  • feithiclí de thionscnamh AE a úsáidtear sa Ríocht Aontaithe
  • feithiclí de thionscnamh tríú tír eile a úsáidtear sa Ríocht Aontaithe. Beidh feidhm aige seo fiú má tá Comhaontú Saorthrádála ag an AE leis an tríú tír chuí, amhail an tSeapáin.

Féach an tábla thíos le haghaidh tuilleadh eolais ar Dhleacht Custam agus CBL iníoctha, ag brath ar thionscnamh na gCarranna paisinéara a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór.

Dleacht Custam agus CBL iníoctha

Tionscnamh an chairr

Dleacht Custam iníoctha

CBL iníoctha

An Ríocht Aontaithe

0%

23%

Tríú Tír (amhail na Stáit Aontaithe nó an tSeapáin)

10%

23%

AE (amhail an Ghearmáin nó an Fhrainc)

10%

23%

Le haghaidh feithiclí eile, féadtar an bunachar sonraí TARIC a úsáid chun an cód tráchtearra ar a dtugtar an cód aicmiúcháin air freisin a chinntiú. Is é seo an ráta dleachta custam tríú tír a bhaineann leis an bhfeithicil shonrach ar iompórtáil isteach san AE.

Tabhair do d’aire

Sa chás go dteastaíonn dearbhú custam i ndáil le feithicil atá tugtha isteach sa Stát, beidh an fheithicil faoi dhliteanas urghabhála más rud é nach gcomhlánaítear an dearbhú custam, nó nach gcláraítear an fheithicil taobh istigh de 30 lá ón uair a thagann sé isteach sa Stát.

Ar aghaidh: Faoiseamh ar Earraí Aisdúichithe