Cánachas ar scaireanna a bhaineann le fostaíocht

Léargas ginearálta

Go ginearálta, tagraítear do scaireanna a fhaigheann tú ó d’fhostóir mar ‘scéimeanna luach saothair scair-bhunaithe’ nó ‘ioncam scair-bhunaithe’. Tá go leor scéimeanna scaireanna d’fhostaithe éagsúla ann.

Féadann d’fhostóir scaireanna a bhronnadh ort, nó scair-roghanna a dheonú duit trí:

  • scéim 'fhoirmiúil' le tacar rialacha i scríbhinn
  • nó ar bhonn aonuaire ‘neamhfhoirmiúil’.

Scairscéimeanna neamhcheadaithe

Ní gá d’fhostóirí ceadú a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim do scairscéimeanna neamhcheadaithe. Mínítear sa rannán seo an cánachas ar scaireanna a tugtar trí scairscéimeanna neamhcheadaithe.

Má thugann d’fhostóir scaireanna saor ó tháille nó scaireanna ar phraghas lascainithe duit, is sochair incháinithe é seo. Ní mór duit Cáin Ioncaiman Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar scaireanna nó roghanna a tugadh faoi scéimeanna neamhcheadaithe.

Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí cuí ó dhámhachtainí scaireanna tríd an bpárolla agus íocfaidh siad an cháin go díreach leis an t-Ard-Bhailitheoir.

Tabhair do d’aire

Déanfaidh d'fhostóir na hasbhaintí riachtanacha tríd an bpárolla freisin má dhéanann tú gnóthachan ar scair-roghanna ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis.

Scair-roghanna neamhcheadaithe roimh an 1 Eanáir 2024

Níl d'fhostóir freagrach as an gcáin a chur ar ais ar do shon má d'fheidhmigh tú scair-rogha roimh 1 Eanáir 2024. Ní mór duit sonraí ar aon ghnóthachan a dhéanann tú a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim agus aon dliteanas Cánach Ioncaim a íoc. Féadtar tuilleadh eolais ar chánachas scair-roghanna neamhcheadaithe a fháil in scéimeanna neamhcheadaithe scair-roghanna.

Roghanna CRPF

Maidir le gnóthachain a dhéantar ar roghanna an Chláir Rannpháirtíochta Príomhfhostaithe (CRPF), tá siad díolmhaithe ó Cháin Ioncaim, MSU agus ÁSPC. Féadtar tuilleadh eolais ar chánachas na scair-roghanna a bhronntar faoin CRPF a fháil in Clár Rannpháirtíochta Príomhfhostaithe (CRPF).

Scairscéimeanna ceadaithe

Tá trí chineál scairscéimeanna d’fhostaithe ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim:

  • Scéimeanna Roinnte Brábús Ceadaithe (APSSS)
  • Iontaobhais Scairúinéireachta d’Fhostaithe (ESOT)
  • Scéimeanna Sábháil Mar a Thuillir (SMAT).

Ag brath ar choinníollacha áirithe a chomhlíonadh, ní bheidh Cáin Ioncaim inmhuirir ar scaireanna ná roghanna a fhaigheann fostaithe faoi na scéimeanna seo. Ní mór duit, áfach, MSU agus ÁSPC a íoc orthu seo.

Baineann d’fhostóir MSU agus ÁSPC tríd an bpárolla.

Féadtar tuilleadh eolais ar chánachas scair-roghanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a fháil in Scairscéimeanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go mbeidh Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) dlite freisin nuair a dhiúscraíonn tú do scaireanna.

Má thugann do scaireanna an deis duit bheith i dteideal íocaíochtaí díbhinne, ní mór duit an t-ioncam seo a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim chomh maith.

Ar aghaidh: Scaireanna saor in aisce agus lascainithe