Nochtadh a dhéanamh
Léargas ginearálta
Ba chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas sna cásanna a leanas:
- níor thuairiscigh tú d’ioncam nó do ghnóthachain go léir le haghaidh cánach agus dleachta
- rinne tú earráid ar thuairisceán cánach
- rinne tú earráid fad a bhí éileamh ar fhaoiseamh nó ar aisíocaíocht cánach á dhéanamh agat.
Tugtar nochtadh, nó nochtadh cáilitheach, a dhéanamh air seo. Braitheann méid na faisnéise a theastaíonn uait ar cé acu an ndearnadh d’easnamh nó d’earráid mar gheall mhíchúram nó d’aon turas.
Má dhéanann tú nochtadh cáilitheach:
- gearrfar pionós nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna ort
- ní dhéanfar imscrúdú le haghaidh ionchúisimh ort
- ní fhoilseofar do shonraí socraíochta ar an liosta de mhainnitheoirí cánach.
Ar aghaidh: Céard is nochtadh cáilitheach ann?